Baile / Seandálaíocht / Taispeántais / Taispeántais Reatha / Ór – Ór na hÉireann

Ór – Ór na hÉireann

Fiosraigh ceann de na an bailiúcháin is tábhachtaí d'ór na réamhstaire san Eoraip.


Tagann an bailiúchán d/órshaothar na réamhstaire ó réimse de dhátaí idir 2200 BC agus 500 BC. Is seodra atá sna píosaí den chuid is mó ach ní fios cén fheidhm bheacht a bhí ag cuid acu.

Le linn na Cré-Umhaoise Luaithe rinneadh na príomhtháirgí as leatháin óir, agus ina measc sin bhí griandioscaí agus muincí óir corránacha ar a dtugtaí luanlaí.

Timpeall na bliana 1200 BC forbraíodh teicnící nua chun ór a shaothrú. Le linn na tréimhse sin rinneadh mórán toirc éagsúla trí bharraí nó stiallacha óir a chasadh.

D’athraigh na stíleanna arís thart ar 900 BC - an Chré-Umhaois Déanach - agus is féidir órshaothar na tréimhse seo a roinnt in dhá phríomhchineál. Tá contrárthacht mhór idir réada soladacha ar nós bráisléid agus fáiscíní éadaigh agus muincí móra déanta as leathán óir agus spóil chluaise fhíneálta.

Cur i Láthair don Bhailiúchán Óir

Cur i Láthair don Bhailiúchán Óir

Léigh faoi bhailiúchán óir an Mhúsaeim agus obair óir Éireannach ón gCré-Umhaois.

Ór ón gCré-Umhaois Luath

Ór ón gCré-Umhaois Luath

Faigh eolas faoi na réadá óir Éireannacha ba luaithe a rinneadh idir 2400 - 1800 BC, amhail dioscaí agus luanlaí.

Ór ón gCré-Umhaois Dhéanach

Ór ón gCré-Umhaois Dhéanach

Foghlaim faoi órshaothar na hÉireann 1000-700 BC