Saltair an Fheadáin Mhóir

Tagann an Leabhar Salm ar a dtugtar Saltair an Fheadáin Mhóir ó thart ar AD 800.


The Faddan More Psalter

Circa AD 800

NMI 06E0786:13

Thángthas trí sheans ar Shaltair an Fheadáin Mhóir i bportach Thiobraid Árann in 2006 atá á coimeád agus á caomhnú go sciliúil ag John Gillis (caomhnóir sinsearach) agus Rolly Read (Ceann Caomhnaithe) i saotharlann caomhnaithe Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Dún Uí Choileáin.

.

Is fianaise dhíreach í an clúdach ina bhfuil líneáil de phaipír den teagmháil a bhí idir Éirinn agus réigiún na Meánmhara níos mó ná míle bliain ó shin. Is é seo an chéad fhionnachtain riamh dá leithéid in Éirinn agus in aon áit ar domhan fiú. Tá tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis agus tá sé ar taispeáint go poiblí anois den chéad uair ó aimsíodh é.

Maidir le Saltair an Fheadáin Mhóir

Maidir le Saltair an Fheadáin Mhóir

Cur síos bunúsach ar Shaltair an Fheadáin Mhóir, a bhunús agus a chaomhnú.

Aimsiú agus Aithint

Aimsiú agus Aithint

Aimsíodh Saltair an Fheadáin Mhóir le linn móin a bhaint i bportach Thiobraid Árann in 2006.

Clúdach agus Inneachar Shaltair an Fheadáin Mhóir

Clúdach agus Inneachar Shaltair an Fheadáin Mhóir

Tá 60 bileag de phár i Saltair an Fheadáin Mhóir ata roinnte ina chúig ghabháil, nó ceathrúna.

Comhthéacs agus Suntasacht

Comhthéacs agus Suntasacht

Féach ar shaineolaithe agus iad ag cur síos ar thábhacht Shaltair an Fheadáin Mhóir.

Léigh téacs Shaltair an Fheadáin Mhóir

Léigh téacs Shaltair an Fheadáin Mhóir

Cuir bunleaganacha Laidine de shailm i gcomparáid lena n-aistriúcháin