Oíche Shamhna

Ceiliúradh féile na Samhna, an chéad lá den Gheimhreadh, ar an 1 Samhain.


Traidisiúin agus Nósanna Oíche Shamhna - Samhain

Ceiliúradh féile na Samhna, an chéad lá den Gheimhreadh, ar an 1 Samhain. Mar a bhíonn le neart féilte traidisiúnta, is san oíche roimh ré a bhíodh formhór an cheiliúrtha. Déantar an oíche seo roimh ré, Oíche Shamhna, a cheiliúradh fós ar fud na hÉireann le féasta agus cluichí. Tagann an t'ainm ón oíche roimh Lá na Naomh Uile.

Go traidisiúnta, dheintí fómhar de thorthai agus cnónna a bhailiú don fhéile agus bhídís in úsáid l gcluichí na leanaí ar an oíche freisin. Bhíodh cluichí pósta á n-imirt freisin. Thugtaí oíche na dtaibhseach nó oíche na spiorad ar Oíche Shamhna freisin agus neasadh go dtiocfadh anamnacha na marbh ar ais ar an mbaile. Ceapadh freisin go mbíodh spioraid olca gníomhach, mar sin sheachain daoine taisteal ina n-aonar istoíche.

halloween mask

Aghaidh Fidil d'Oíche Shamhna ón bhFál Mór Iorrais Maigh Eo

Dheintí aghaidheanna fidil chun comharsana a scanradh ar Oíche Shamhna agus ba mhinic grúpaí d'fhir agus leanaí ag dul ar cuairt agus ag siamsaíocht.

halloween cross

Cros Shamhna ó Bharr Thráú Iorrais Maigh Eo

Dheintí crosa speisialta agus a chur os cionn an dorais chun an teaghlach a chosaint ar an mí-ádh don bhliain ag teacht.