Seirbhísí trí Ghaeilge

Bíonn turais, ceárdlanna, seisiúin scéalaíochta agus comhrá ar siúl trí Ghaeilge ó am go ham. Tá bileoga oibre éagsúla trí Ghaeilge do pháistí 8-12 bhlian ar fáil san Ard-Mhúsaem.

Tá fáilte faoi leith roimh Ghaelscoileanna agus roimh chainteoirí Gaeilge chuig an Ard-Mhúsaem. Glaoigh ar an Rannán Oideachais chun eolas breise a fháil.

 
Web Design by Arekibo