Bailiúcháin Ealaíne & Tionscail

Léiríonn bailiúcháin na nEalaíon Maisiúil na ceirdeanna, an cheardaíocht agus na tionscail a bhí in Éirinn le trí chéad bliain anuas den chuid is mó; agus tá ábhar iontu ó thíortha eile, a fuarthas chun tuairimí nua a thabhairt chuig lucht féachana Éireannach. Go príomha léiríonn na mínréada agus na réada maisiúla sna bailiúcháin saol na mball níos flúirse de shochaí na hÉireann go háirithe sna réimsí gloine, criadóireachta agus earraí airgid.

Sainmhínítear na réada sna bailiúcháin Stairiúla de réir a n-ábharthacht chun doiciméadú a dhéanamh ar na himeachtaí agus ar na daoine ó stair chasta agus bheoga na hÉireann. Méadófar airm agus giuirléidí míleata ó roinnt aoiseanna coimhlinte ó thaobh taispeántais de, trí ghailearaithe comhoibritheacha i nDún Uí Choileáin a fhorbrófar le hÓglaigh na hÉireann.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo