Na Bailiúcháin

Is ionad é an músaem le fada an lá ina bhfágadh eolaithe na hÉireann a gcuid bailiúchán zó-eolaíoch nó geolaíoch d’fhonn iad a choimeád slán thar na céadta bliain. Tá an fhoireann freagrach as os cionn dhá mhilliún eiseamal eolaíoch a choinnítear i stóras as radharc an phobail. Úsáidtear iad seo mar bhunús don iliomad tionscnamh taighde a bhíonn ar bun ag foireann an mhúsaeim agus ag cuairteoirí acadúla. Úsáideann taighdeoirí an Músaem fós mar stór do na heiseamail a chuireann fianaise ar fáil don eolaíocht.

Tá an foirgneamh taispeántais dúnta faoi láthair le haghaidh athchóirithe, ach cuirtear fáilte roimh chuairteoirí taighde rochtain a fháil ar na bailiúcháin le coinne, déan teagmháil linn chun tuilleadh sonraí a fháil.  

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo