An Bailiúchán Criadóireachta

Is éard atá sa bhailiúchán seo ná criadóireacht a bailíodh ar dtús chun spreagadh a thabhairt do thionscail chriadóireachta áitiúla agus chun éabhlóid na mínchriadóireachta a léiriú. I measc na samplaí tá poirceallán ó Mhór-Roinn na hEorpa agus ón mBreatain, Maiolica ón Iodáil, faensa ón bhFrainc, earraí deilfe ón Ísiltír, agus earraí Hispano-Moresque. Tá earraí deilfe Éireannacha, earraí Bhéal Leice (Belleek) agus Charraig Uí Laighin (Carrigaline), sna bailiúcháin chomh maith, mar aon le bailiúchán beag de shaothair chomhaimseartha ardchaighdeáin Éireannacha/a bhfuil baint acu le hÉirinn.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo