Tá os cionn 500 seaniarsma ón gCipir ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht. Is píosaí ceirmeacha is mó atá sa bhailiúchán, ach tá roinnt réada gloine agus líon beag réada miotail ann freisin. Dátaíonn na déantáin ón gCré-Umhaois Luath (c. 2500–1600 R.Ch.) anonn go tréimhse na Rómhánach agus tréimhse na Heilléanaíoch (c. 310 RCh – 330 AD).
Ceaptar gur inimircigh ó Anatolia a thug miotalóireacht isteach go dtí an Chipir sa Chré-Umhaois Luath, agus tá fianaise ann go raibh trádáil agus cumarsáid ar bun idir an Chréit, an Phalaistín Siriach agus an Éigipt. Shaothraigh trádáil acmhainní copair an oileáin an-saibhreas don Chipir le linn na tréimhse seo, agus rinneadh potaireacht na Cipire a onnmhairiú chomh fada siar leis an tSairdín. Bhí earraí White Slip, atá le feiceáil sa bhailiúchán, dúchasach don Chipir ag an am, agus rinneadh é gan úsáid a bhaint as an roth.
Tá earraí Black Slip ann freisin, agus tagann siad ón tréimhse Gheoiméadrach Chipireach. Tugadh an stíl potaireachta seo, ar a dtugtar Déchróm, isteach chuig an gCipir ón Neasoirthear. Léiríonn potaireacht na tréimhse seo tionchair chultúrtha éagsúla a bhí ar an oileán ag an am, agus tá éagsúlachtaí le feiceáil freisin idir oirthear agus iarthar an oileáin.
Tagann formhór na seaniarsmaí Cipireacha atá i mbailiúcháin an Mhúsaeim ón tréimhse Ársa Chipireach. Bhí sraith cumhachtaí eachtracha éagsúla i gceannas ar an gCipir ag an am. Faoin 8ú hAois R.Ch. bhí an t-oileán scoilte i roinnt ríochtaí cathracha. Léiríonn amfara mór Déchróim stíl a táirgeadh i ríocht cathrach Amathus, i ndeisceart an oileáin.
Táirgeadh deilbhíní terracotta go forleathan le linn na tréimhse seo freisin, agus leanadh á dtáirgeadh sa tréimhse Chlasaiceach. D’fhéadadh baint a bheith acu le cultais ar leith agus fuarthas in uaigheanna ón tréimhse Ársa Chipireach iad freisin.
Rinneadh lampaí ola a allmhairiú agus táirgeadh go háitiúil sa Chipir iad freisin sa tréimhse Rómhánach. Tá samplaí ar fáil sa bhailiúchán a fuarthas le linn tochailtí a rinne an South Kensington Museum, Londain, in 1882. Bhí dlúthcheangal ag an músaem sin le Ard-Mhúsaem na hÉireann ag an am.
Tá bailiúchán iomlán an Mhúsaeim de sheodra na Cipire, trí fháinne cluaise, ar taispeáint. Tagann na fáinní cluaise a bhfuil cloigeann lao orthu ó thréimhse na Heilléanaíoch agus tá siad coitianta san Éigipt agus sa Phalaistín. Níl patrún ar an bhfáinne cluaise aonair, agus bhí sé coitianta sa Chipir le linn tréimhse na Rómhánach.