Báid

Tá an bailiúchán seo ar an gceann is cuimsithí atá ar fáil in aon áit de bháid dúchasacha na hÉireann. Tá 32 bád ann, agus is báid rámhaíochta iad ar fad seachas gleoiteog seoltóireachta amháin. Is báid chraicinn iad naoi gcinn déag de na báid atá ar taispeáint - curacha, dhá churach ó Abhainn na Bóinne ina measc. I measc na mbád eile tá cúig ‘chliabhán’ réthónach fionnuisce, agus ocht mbád dúchasach adhmaid fionnuisce/inbhearach, chomh maith le rafta luachair ó Abhainn an tSuca.


Tá 31 mionsamhail de bháid sa bhailiúchán chomh maith. Is mionsamhlacha d’árthaí dúchasacha Éireannacha is mó atá ann, ach tá roinnt cineálacha eile ann, cosúil le báid seoltóireachta.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo