Seachtain na Cásca

Is éard atá sa bhailiúchán seo ná ábhar a bhaineann le 1916 agus Cogadh na Saoirse, a fuarthas síos tríd na blianta trí thabhartais agus trí iad a cheannach. Tá roinnt doiciméad agus lámhscríbhinní tábhachtacha ann a bhaineann leis an Éirí Amach, ar nós Forógra na Poblachta agus ordú géillte Mhic Piarais. Tá bratach Phoblacht na hÉireann ann chomh maith a bhí in airde os cionn Ard-Oifig an Phoist i 1916. Tá gunnaí, éidí, lámhscríbhinní, dialanna príosúin agus ábhar cuimhneacháin phearsanta le fáil sa bhailiúchán. Clúdaíonn an bailiúchán an tréimhse ó dheireadh an Chogaidh Cathartha go dtí an lá atá inniu ann, agus ionchorpraíonn sé ábhar comórtha arna tháirgeadh suas go dtí an lá atá inniu ann.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo