Troscán

Is éard atá sa bhailiúchán seo ná réimse leathan ábhar a dhátaíonn ón 17ú haois dhéanach go dtí an 20ú haois luath. Tagann a lán de ón 18ú haois agus ón 19ú haois agus clúdaíonn sé réimse leathan déantóirí agus gnólachtaí. Tá idir ábhar Éireannach, Sasanach agus Eorpach ann. Tá ábhar ón gcéad leath den 20ú haois ann chomh maith agus líon beag troscán comhaimseartha a bhfuiltear fós ag cur leis. Tá bailiúchán mór de shaothar an dearthóra Éireannaigh Eileen Gray le fáil sa rannóg seo chomh maith.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo