An Iarannaois

Is cosúil ó dhátaí radacarbóin a fuarthas le déanaí ó láithreáin a tochlaíodh i lár na tíre go raibh a fhios ag daoine conas iarann a oibriú chomh fada siar leis an 8ú hAois RCh. Ag Cionn Átha Gad 2, Co. na hIarmhí, fuarthas gualach a bhain le slaig iarainn agus potaireacht de chineál a bhain leis an gCré-Umhaois Dhéanach, agus fuarthas réimse dáta de 810 - 420 RCh. uaidh. Ag Rossan 6, atá i gCo. na hIarmhí freisin, fuarthas réimse dáta ó 820 - 780 RCh ar ghualach a bhain le slaig iarainn. Is cosúil gur de réir a chéile, thar thréimhse fhada, a athraíodh go húsáid fhorleathan iarainn ó úsáid chré-umha, agus níor tháinig sochaí Iarannaois leithleach chun cinn go dtí timpeall an 3ú hAois RCh, sochaí a d’fhéadfaí a aithint go furasta ón taifead seandálaíochta. Is ón úsáid fhorleathan a baineadh as ornáidíocht chun réada a mhaisiú ag úsáid stíl ealaíne a d’fhorbair Ceiltigh i lár na hEorpa i dtosach, a fhaigheann an tréimhse seo a tréithe sainiúla. Tugtar stíl La Tène ar an ealaín seo agus tá sé le feiceáil ar go leor luath-réada, cosúil leis an dá mhuince óir iompórtáilte a fuarthas i bportach ag Ard na gClog, Co. Ros Comáin. Is dócha gur i nDúiche na Réine a rinneadh iad seo sa tríú hAois RCh.

Fuarthas cuid mhaith de bhailiúchán na hIarannaoise i rith scéimeanna draenála aibhneacha agus gearradh portaigh i rith an 19ú haois agus fuarthas roinnt nithe tábhachtacha eile nach raibh a bhfoinse taifeadta. Tá go leor réada cré-umha d’ardchaighdeán a fuarthas i dtaisce, chomh maith le roinnt taiscí an-tábhachtacha de dhéantáin órga, sa bhailiúchán. Is furasta miotalóireacht dhúchasach na tréimhse a aithint agus tá cineálacha áirithe réada ann is cosúil a bhain le hÉirinn amháin, cosúil le dioscaí cré-umha ornáideacha móra nach fios cén fheidhm a bhí acu, agus siogairlíní mionsaothraithe i gcruth Y a úsáideadh chun capaill a chur i mórshiúl. Is cosúil gur cuireadh i dtaisce na hábhair seo mar ofrálacha móideacha a cuireadh i bportaigh, i locha, in aibhneacha agus ar an gcósta agus is fíor-chorruair a fhaightear na cineálacha réada seo i gcomhthéacs lonnaíochta nó adhlactha. Is iondúil go mbíonn na déantáin a bhí i dtaisce mar chuid de chatagóirí soiléire, lena n-áirítear ornáidí pearsanta, airm agus uirlisí, troscán agus úmacha capall, agus trealamh féasta.

I measc na n-ornáidí pearsanta tá pionnaí, síobhail, coirníní, bráisléid agus ornáidí muiníl. Is ann do mhuincí simplí de stialla órga casta chomh maith leis an muince órga aoibhinn a fuarthas ar an gcladach ag Brú Íochtair, Contae Dhoire. Tá baint ag an bhfionnachtain seo le hornáidí muiníl iompórtáilte de shaoirseacht Rómhánach chomh maith le múnla óir den scoth de bhád, a raibh crann agus feistis air, agus múnla de choire.

I measc an trealaimh féasta tá soithí miotail agus adhmaid, lena n-áirítear coirí, babhlaí, cupáin, plátaí agus umair adhmaid móra. I measc an troscáin agus na n-úmacha capaill tá na siogairlíní i gcruth Y a luadh cheana féin, a fuarthas in éineacht le péirí de bhéalmhíreanna srianta. Tá cuingeacha adhmaid a fuarthas i bportaigh agus iarsmaí d’fheithiclí rotha sna taispeántais chomh maith. Tá claimhte, truaillí, dornchlúideacha claímh, cinn sleánna agus crainn sleánna i measc na n-arm. I measc na nithe orgánacha a fuarthas i bportaigh tá taiscí móideacha ime, sciath leathair agus éadach atá déanta as olann, leathar agus seithe. Tá coirp mumaithe ann freisin, ar a dtugtar coirp phortaigh, agus is iarsmaí iad seo de dhaoine a maraíodh mar chuid de dheasghnáth íobartach i rith na hIarannaoise. Tá líon beag de chloch snoite ann chomh maith, lena n-áirítear brónna agus cinn cloiche ar a bhfuil Cloigeann Chorr Leice ina shárshaothar aitheanta.

Tá roinnt ábhar iompórtáilte Rómhánach sa bhailiúchán freisin, réada a fuarthas ó thochailtí seandálaíochta agus nithe a fuarthas trí thimpiste san áireamh. I measc na nithe eisceachtúla a fuarthas tá taisce de thinní airgid agus earraí boird airgid fíneálta atá gearrtha suas ó Bhaile Fhaghain, Co. Luimnigh. I measc na nithe eile a fuarthas, tá boinn airgid agus seoda ar thángthas orthu le linn tochailte ar shuíomhanna cultais ag Cnoc Ghráinseach Chúil Phobail, Co. Chill Chainnigh agus Brú na Bóinne, Co. na Mí. Fuarthas roinnt réada a iompórtáladh ó Bhreatain na Róimhe, lena n-áirítear airm agus nithe pearsanta, i reilig Iarannaoise ar Oileán Reachrainn, Co. Bhaile Átha Cliath.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo