An Mheánaois Dhéanach

Clúdaíonn tréimhse na Meánaoise Déanaí in Éirinn na blianta 1150-1550, tréimhse inar tharla dhá phróiseas eaglasta – gluaiseacht leasaithe na hEaglaise ó lár an 12ú haois agus an Reifirméisean i lár an 16ú haois. Is í seo an tréimhse a ndearna na Normannaigh ionradh agus leathchoilíniú ar Éirinn, rud a d’fhág dhá chultúr ar leith ar an oileán, agus a dteanga, a ndlíthe, a gcóras sóisialta agus a gcóras talmhaíochta féin ag gach ceann acu. As sin fáisceadh cultúr croschineálach Angla-Éireannach i rith na Meánaoise Déanaí. Tar éis ionradh na Normannach, tharla tréimhse athfhorbartha sna bailte Gael-Lochlannacha a bhí ann cheana féin agus bhunaigh tiarnaí Sasanacha nua bailte nua faoin tuath. Thug siad lonnaitheoirí isteach ón mBreatain agus ó áiteanna eile mar thionóntaí sna bailte seo. Bhí na bailte ina margaí i gcomhair táirgí talmhaíochta chomh maith le bheith ina n-ionaid déantúsaíochta agus tráchtála. Tá iliomad tochailtí uirbeacha a rinneadh le blianta anuas tar éis lear mór fianaise a chur ar fáil i bhfoirm déantán faoin saol sna bailte seo, agus faightear léargas níos leithne ar an tréimhse seo ó fhionnachtana a fuarthas le linn tochailtí ar láithreáin eaglasta agus caisleáin tuaithe.

Cé gur forbraíodh foirmeacha agus stíleanna nua, bhí go leor de ghníomhaíochtaí déantúsaíochta na mbailte cosúil leo siúd a bhí ar bun sa tréimhse Lochlannach. Tá samplaí d’uirlisí éagsúla a d’úsáid ceardaithe éagsúla le feiceáil sa bhailiúchán. I measc na n-uirlisí siúinéireachta tá tuanna, táil, siséil, gúistí agus casúir. Thángthas ar chófra darach i gCorr na bhFiach, Co. Ros Comáin ina raibh uirlisí siúinéireachta, ach is cosúil gur úsáideadh cuid de na huirlisí i gcomhair saothrú cloiche. Ba ghníomhaíocht thábhachtach a bhí i dtáirgeadh soithí adhmaid éagsúla, cosúil le cuinneoga, plátaí, ceaigeanna agus meadracha, mar a bhí roimhe sin. Bhí daoine saibhre ábalta soithí cóimhiotail copair teilgthe cosúil le scilléid, geoir agus coirí a cheannach. Tá roinnt báisíní cóimhiotail copair sa bhailiúchán a bhféadfadh baint a bheith acu le grúdú beorach.

Bhí ornáidí beaga pearsanta cosúil le bioráin, dealga agus búclaí á dtáirgeadh ag gaibhneoirí, a d’oibrigh le cóimhiotail copair den chuid is mó, agus ba é an gabha a rinne réimse uirlisí iarainn, bracanna, insí, glais, eochracha, crú capaill agus feisteáin. Is léiriú ar tháirgeadh teicstílí iad nithe cosúil le roithleáin eiteáin agus meáchain seolta, agus bhí saoir leathair ag táirgeadh bróga, truaillí agus baill éadaigh, agus tá samplaí de gach ceann acu seo sa bhailiúchán.

Tháirg saoir cnámha agus beanna réimse réada, lena n-áirítear cíora, bioráin agus píosaí cluichíochta.

Bhí tábhacht bhunúsach ag baint le talmhaíocht, ach bhí béim éagsúil sna ceantair a bhí faoi smacht Shasana agus na hÉireann. Thug na Sasanaigh geilleagar talmhaíochta nua isteach ina raibh barra á bhfás chun iad a dhíol ar airgead sna bailte margaidh. Tháinig méadú ar an limistéar a bhí faoi churaíocht mar thoradh air seo. Feictear ó na soic céachta agus coltair sna bailiúcháin go raibh curaíocht ag brath i bpáirt ar threabhadh, ach feictear ó na spáda agus na sluaistí atá fós againn go ndearnadh go leor den saothrú le lámh. Tá corráin chun grán a bhaint agus clocha bró chun plúr a dhéanamh de ghrán sna bailiúcháin freisin. Sna tiarnais Ghaelacha, bhí saibhreas agus stádas ag brath ar úinéireacht eallaigh, bhí an geilleagar talmhaíochta níos tréadúla agus léiríonn na cuinneoga adhmaid atá fós againn go raibh tábhacht ag baint le déanamh ime.

Forbairt thábhachtach amháin a tharla sa tréimhse seo ná forbairt ar thionscal mór potaireachta, a d’fhreastail ar riachtanais gach aicme. Tá tochailtí seandálaíochta tar éis an-chuid potaireachta a rinneadh in Éirinn a chur leis an mbailiúchán, chomh maith le potaireacht a allmhairíodh ó Shasana, ón bhFrainc agus ó choda eile den mhór-roinn. Úsáideadh na scileanna nua déantúis ceirmeacha chun tíleanna dín agus urláir a tháirgeadh do thithe uaslathaithe agus fondúireachtaí eaglasta saibhre.

Ba thréimhse cogaíochta eindéimeach a bhí sa Mheánaois Dhéanach in Éirinn, agus tá timpeall 400 sampla d’armra na tréimhse sa bhailiúchán. Is í an chatagóir aonair is mó ná reanna saighde a bhfuil cineálacha éagsúla díobh ann, ach tá claimhte, tuanna, mása agus miodóga ann chomh maith. Tá clogad amháin ann a mhair ón tréimhse sin, ó Chlais na Muc, Contae Laoise, chomh maith le roinnt bloghanna de mháille slabhra. Tá roinnt gunnaí sclóine agus gunnaí móra ón meánaois dhéanach ann freisin, lena n-áirítear roinnt nithe a fuarthas ó raic Armáid na Spáinne ag an tSrithideach, Co. Shligigh. Tá roinnt réada a bhaineann le gníomhaíochtaí eachaíochta a raibh tréithe míleata ag baint leo den chuid is mó sa bhailiúchán freisin, spoir, stíoróipí, baill leicinn agus gléasa úmacha ina measc.

Cuid de bhunghnéithe na Meánaoise in Éirinn ná na bunathruithe a tháinig ar struchtúr eagraíochtúil na hEaglaise agus tabhairt isteach oird mhanachúla nua. Tá mórán cleachtas ó sheantraidisiún na hEaglaise fós ann, áfach, go mór mór i limistéir taobh amuigh de smacht Shasana, agus faightear léiriú láidir air sin sa bhailiúchán tábhachtach de scrínte agus de chumhdaigh atá ar taispeáint. Orthu sin tá roinnt cumhdach leabhair, an Breac Maodhóg, an Domhnach Airgid, an Cathach, an Míosach agus Leabhar Aifrinn Stowe; scrínte cloigíneacha Chloigín Naomh Seanán agus an Corp Naomh, mar aon le scrín Fhiacail Phádraig agus Mias Tighearnáin. Scriosadh go leor seoda eaglaise mar gheall ar chur faoi chois na mainistreacha le linn an reifirméisin agus cogaíocht sa seachtú haois déag. I measc na nithe neamhghnách a mhair agus atá fós againn, áfach, tá dealbha adhmaid ó Fiodh Ard, Co. Thiobraid Árann agus Eas Géitine, Co. Luimnigh, cros mhórshiúil chré-umha ó Bhaile an Longfoirt, Co. Luimnigh agus cópa bróidnithe den scoth ón 15ú haois ó Phort Láirge.

Tá cuid d'ealaín na saor agus snoíodóirí cloiche meánaoiseacha le feiceáil sa bhailiúchán, a chuimsíonn bloghanna ailtireachta, ó shéipéil agus ó thuamaí den chuid is mó. Tá coda de mhúnláil fuinneoige agus dorais, ceannlitreacha, coirbéal agus cinn cloiche san áireamh ann. Tá roinnt umar baiste agus dhá shíle na gcíoch déag sa bhailiúchán freisin. Tá bíoma darach uathúil ann le hinscríbhinn air ó theach i nDroichead Átha, Co. Lú. Tá hataí agus baill éadaigh a caomhnaíodh i bportaigh sa bhailiúchán freisin, agus an chuma ar chuid acu gur ón mheánaois dhéanach iad.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo