Sonraí an Bhailiúcháin

Sular cuireadh tús le tochailtí seandálaíochta ar an tSráid Ard, Baile Átha Cliath, i gcroílár chathair na Lochlannach, fuair an Músaem réada a fuarthas le linn tochailt a rinneadh nuair a bhí sráideanna á ngearradh agus bunsraitheanna á dtógáil, léiriú ar shaibhreas na dtaiscí seandálaíochta a raibh fáil orthu ann. Fuarthas amach go raibh na dála ithreach díreach ceart chun iarsmaí seandálaíochta a chaomhnú. Bhí adhmad agus ábhair orgánacha eile cothaithe go maith, rud a d’fhág gur thángthas ar réimse struchtúir cosúil le tithe, ceardlanna, tithe amuigh, teorainneacha áitribh agus siúláin.

Bhí Baile Átha Cliath ar an mbaile trádála ba thábhachtaí i saol Lochlannach an iarthair, agus d’aimsigh tochailtí an Mhúsaeim fianaise de seo trí fhionnachtana a léirigh gníomhaíochtaí ceardaíochta, déantúsaíochta, trádála agus tráchtála Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath. Bhí go leor de shaibhreas an bhaile ag brath ar scileanna a chuid mairnéalach agus tá an tábhacht a bhain le longa agus báid le feiceáil ó na léaráidí de longa ar phlainc, a mhair, chomh maith le múnlaí de longa nó bréagáin loinge agus meáchain luaidhe iascaireachta i bhfoirm long. Thángthas ar réimse adhmaid loinge freisin, agus is iondúil go raibh athúsáid bainte as mar ábhar tógála do bhallaí dugaí, draenacha agus cosáin. Bhí tábhacht ag baint le longa freisin chun iascaireacht agus seilg a dhéanamh ar mhamaigh mara, agus tá fianaise de seo le feiceáil sna duáin iarainn, sna snáthaidí eangaí cnámha, sna snáthaidí eangaí cnáimhe, sna tromáin líne cóimhiotail luaidhe agus sna harpúin iarainn.

Ba bealach maith malartaithe a bhí san airgead agus is dóigh gur trí chalafort Bhaile Átha Cliath a tháinig an t-airgead a fuarthas i dtaiscí Éireannacha. Is mar bhoinn Arabacha a thosaigh go leor den airgead a tháinig go hÉirinn. Ba ó Shasana a tháinig na boinn ba luaithe a úsáideadh i mBaile Átha Cliath, ach timpeall 997, thosaigh Rí Sitric Bhaile Átha Cliath ag bualadh a chuid pinginí airgid féin.

Bhí na saoir adhmaid, na siúinéirí, na cúipéirí agus na caoladóirí gníomhach, ag táirgeadh réimse réada cosúil le babhlaí adhmaid, plátaí, feánaigh, buicéid, bairillí, tobáin, spadail, cupáin, spúnóga, moirtéir, tráidirí, ciseáin agus boscaí. Chomh maith le soithí adhmaid, úsáideadh soithí sapainíte a d’fhéadfadh a bheith iompórtáilte ó thuaisceart na hAlban, nó níos faide ó bhaile. Ba mhinic a maisíodh adhmad a bhí snoite i gcomhair troscán nó feisteáin tí éagsúla le dearaí ornáideacha i stíl Ringerika.

Tá fianaise de shaothrú iarainn le fáil in uirlisí gabha cosúil le tlúnna, casúir, sceana, sábha, siseáil, pollairí, líomháin, clocha faobhair agus clocha meilte. Léiríonn déantús glais agus eochracha iarainn go raibh gá nithe luachmhara a chosaint i gcoinne gadaíochta. Tá múnlaí, tinní óir agus airgid, sreang agus fíolagrán óir, breogáin, tráidirí téite, píosaí móitífe, cruan, dramhaíl copair leáite agus slaig ann a thugann léiriú ar shaothrú miotail fíneáilte ag úsáid cóimhiotal luaidhe, cóimhiotal copair, airgead agus ór.

Aithníodh teach saothraí ómra ag Sráid Sheamlas an Éisc, ina raibh an t-urlár clúdaithe leis na céadta calóga dramhaíola agus spícíní bídeacha. Fuarthas píosaí ómra amh chomh maith le réada ómra críochnaithe; siogairlíní, fáinní méara agus coirníní ina measc. Bhí coirníní gloine á ndéanamh i mBaile Átha Cliath freisin, agus bhí coirníní, bráisléid agus fáinní déanta as gaing nó as lignít chomh maith.

Ba ghníomhaíocht thábhachtach a bhí i dtáirgeadh teicstílí, agus d’aimsigh an tochailt trealamh a bhíodh ag fíodóirí agus ag spinéirí cosúil le racaí cardála, fearsaid agus roithleáin eiteáin, meáchain seolta, claimhte fíodóirí, táibléid fíodóireachta, deis smúdála éadaigh chomh maith le hiarsmaí snátha, snáithe agus teicstílí. Fuarthas deimheas a úsáideadh, b’fhéidir, chun teicstílí a ghearradh, freisin. Tháirg saoir leathair réada cosúil le bróga, truaillí agus málaí, agus tá roinnt samplaí díobh seo fós againn. Tá roinnt uirlisí a bhíodh ag saoir leathair againn chomh maith - meanaí, pollairí, scríobálaí, agus ar a laghad ceap adhmaid amháin - chomh maith le go leor bloghanna leathair dramhaíola.

Tháirg ceardaithe a bhí ag saothrú beanna, cnámha ainmhithe agus míolta móra, adharca agus eabhar réimse mór réada ina measc bhí cíora, bioráin, spúnóga, táibléid fíodóireachta, píosaí móitífe agus píosaí cluichíochta. Bhí tóir ar chluichí cláir agus is minicí a fhaightear na píosaí cluichíochta cónúla a bhítí ag úsáid orthu ná na cláir féin. Tá bréagáin leanaí i gcruth claíomh adhmaid agus macasamhail de bháid ann freisin.

Bhí cúlchríoch talmhaíochta ag an mbaile Lochlannach a chothaigh é, agus fuarthas go leor uirlisí talmhaíochta i rith na dtochailtí; sluaistí adhmaid, spáda iarainn, uirlisí plandaithe, soic céachta iarainn, bileoga agus corráin ina measc. Léiríonn cuinneog bheag bhairille adhmaid go raibh im á dhéanamh taobh istigh den bhaile féin. Ní hamháin gur mairnéalaigh den scoth ab ea na Lochlannaigh, ach ba mharcaigh oilte a bhí iontu freisin. I measc na nithe a fuarthas a bhfuil baint acu le marcaíocht tá stíoróip, spoir, cloig úmacha, gléasa úmacha agus corra diallaite.

Ba léiriú ar shaibhreas a bhí in ornáidíocht phearsanta. Bhí an dealg ubhach Lochlannach le sreanga nasctha de choirníní á chaitheamh go coitianta i rith an chéad chuid de ré na Lochlannach. Bhí muincí déanta as ómra, gloine agus cloch á gcaitheamh le linn an 10ú agus an 11ú haois. Bhí briochtaí beanna agus adhmaid agus casúir Túir á gcaitheamh freisin. Bhí fáinní méara déanta as ómra, gaing, cóimhiotal copair, airgead agus ór. Úsáideadh cóimhiotal copair chasta, sreanga óir agus airgid agus gaing i gcomhair fáinní agus bráisléid chomh maith. Táirgeadh lear mór pionnaí fáinneacha agus bioráin mhaide chré-umha. Bhí bioráin fháinneacha an-choitianta i mBaile Átha Cliath, agus bhí tóir ar an dealg eitleoige dúchasach agus ar an dealg diosca cóimhiotail luaidhe Sasanach freisin. Chaith daoine tacair mhaisiúcháin beaga cóimhiotail copair, ina raibh pionsúirín agus bior ingne nó cluaise, ó am go chéile.

Tá an-chuid seaniarsmaí ó ré na Lochlannach ó láithreáin eile sna bailiúcháin freisin, ó chrannóga i lár tíre go háirithe. Tá an chosúlacht ar an scéal go mbíodh na crannóga seo i mbun gníomhaíochtaí trádála agus tráchtála le Baile Átha Cliath na Lochlannach. Is minic gur deacair idirdhealú a dhéanamh idir déantáin Lochlannacha agus Éireannacha ón tréimhse seo, agus úsáidtear an téarma Gael-Lochlannach chun cur síos a dhéanamh ar chultúr chónaitheoirí na mbailte Lochlannach sa 11ú haois agus go luath sa 12ú haois. Chuaigh na stíleanna Lochlannacha Ringerike agus Urnes go mór i bhfeidhm ar ealaín na hÉireann. Mhéadaigh an trádáil leis an mBreatain agus leis an Mór-Roinn agus mhéadaigh iompórtáil earraí só cosúil le babhlaí airgid agus cóimhiotail copair, fáinní méara agus soithí potaireachta freisin. Léiríonn miotalóireacht eaglasta ón 11ú agus ón 12ú haois comhtháthú stíleanna ealaíne na Lochlannach agus na nÉireannach ag deireadh Ré na Lochlannach.

 
Sa Bhailiúchán Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo