Stair Stampshanais agus Poist

Tá tiomnacht ‘Diúc Laighean’ mar chroílár an bhailiúcháin ar Stair Stampshanais agus Poist. Tá na mílte píosaí sa bhailiúchán seo agus tá sé fós ag fás go leanúnach agus stampaí nua á fháil againn ó áiteanna ar fud an domhain. Clúdaíonn sé stair stampshanais agus poist na Breataine agus na hÉireann agus tá clúdaigh agus profaí san áireamh ann. Caithfear aird shuntasach a thabhairt ar shraith stampaí de chuid Ranna na Breataine i mbloic mhionta uathúla ina bhfuil ceithre cinn, agus sampla de 4d. gorm ón Astráil Thiar ó 1854, an stampa cáiliúil ar a bhfuil ‘eala aisiompaithe’.

Is stampaí, bileoga agus clúdaigh chéad lá Éireannacha agus domhanda atá sa chuid eile den bhailiúchán, arna n-eisiúint ag an Aontas Poist Uilechoiteann.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo