An Chlochaois

Seachas sleanntach breochloiche ó Mheille, Co. Lú, a chreidtear a tugadh go hÉirinn in oighearchlúid roimh 70,000RCh, is ón aois Mhéisiliteach iad na réada Clochaoise is luaithe sa bhailiúchán, ó idir 7000 RCh go 4000 RCh. Is píosaí a fuarthas trí thimpiste is mó atá sa bhailiúchán, ach tá ábhar tochailte ann chomh maith, cosúil le tuanna agus micrilit seirte luath-Mhéisiliteach ó lonnaíocht ag Loch na Buaraí, Co. Uíbh Fhailí agus ábhar Méisiliteach níos déanaí ó thrá ardaithe ag Carraig an Mharascalaigh, Co. Lú.

Faoi timpeall 3700 RCh bhí feirmeoireacht tagtha in áit na seilge a bhí in Éirinn Mhéisiliteach agus is léiriú ar an réiteach forleathan coillearnaí ar cuireadh tús leis ag an am seo iad an líon mór tuanna cloiche snasta. Tagann an-chuid de na litigh ó gach tréimhse atá ar coinneáil sna bailiúcháin ó bhailiúcháin phríobháideacha a chruinnigh leithéidí William James Knowles, Dr Alexander D’Evelyn, George Kinahan, Rev Leonard Hassé agus Seaton Milligan sa 19ú agus 20ú haois. San 20ú Aois, chnuasaigh an tOllamh G. F. Mitchell bailiúchán suntasach le linn a chuid oibre allamuigh. Rinne an tOllamh tochailt ar roinnt láithreáin Clochaoise. Tagann go leor den ábhar ársa ó shuíomhanna dumhcha cósta óna bhfuarthas réimse cuspóirí, litigh, tuanna cloiche agus potaireacht Neoiliteach san áireamh. Tá tuilleadh litigh Neoiliteacha, tuanna cloiche, potaireacht agus ornáidí pearsanta faighte i láithreacha adhlactha, nithe a fuarthas i réimse tuamaí meigiliteacha ina measc. Fuarthas déantáin tí, cosúil le brónna diallaite agus pointe cnáimhe chomh maith le huirlisí breochloiche cosúil le scríobaire, lann, scian agus reanna saighde mar thoradh ar thochailt láithreáin áitribh.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo