Teicstílí agus Bogfheistis Tí
Sa bhailiúchán seo tá cairpéid (de dhéantús Éireannach den chuid is mó), taipéisí, cuirtíní, cuilteanna samplóra, blúirí agus leithid fabraice, trealamh, dearaí patrúin, agus leabhair shamplacha a bhaineann le táirgeadh teicstílí Éireannacha go príomha. Léirítear tionscail shíoda agus phoiplín an 18ú, 19ú agus 20ú haois chomh maith le bánobair nó spruigeáil Éireannach, agus bróidnéireacht Mhóinteach Mílic.