Na Lochlannaigh

Sular cuireadh tús le clár forleathan de thochailtí seandálaíochta uirbeacha i mBaile Átha Cliath, sa tréimhse 1961 - 1981, ba ó líon beag láithreáin adhlactha agus ó nithe a thángthas orthu trí thimpiste a fuarthas an príomh-fhianaise seandálaíochta de Lochlannaigh in Éirinn. Fuarthas uaigheanna Lochlannacha ón 9ú agus 10ú haois i suíomhanna cósta cosúil leis an Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, Baile Hóm, Co. an Dúin, Iar Phoirt, Co. na Gaillimhe, agus i reiligí níos fairsinge ag Cill Mhaighneann agus Droichead na hInse ar bhruacha Abhainn na Life, i mBaile Átha Cliath. Bhí earraí uaighe sna huaigheanna, agus ina measc seo bhí airm cosúil le claimhte agus sleánna, chomh maith le seodra agus nithe pearsanta. Léiríonn na huaigheanna ban dea-mhaisithe, chomh maith le huirlisí ceardaíochta agus meáchain agus scálaí i gcomhair idirbheartaíochtaí tráchtála nach gníomhaíochtaí creachadóireachta amháin ba chúis leis na Lochlannaigh a bheith in Éirinn. Tá taiscí ó Aois na Lochlannach ina bhfuil tinní airgid, airgead sclártha agus boinn faighte, rud a chuireann béim ar an ngné thráchtála a bhain leis na Lochlannaigh a bheith in Éirinn.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo