Fiosraigh & Foghlaim
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann ina acmhainn do scoláirí agus oideachasóirí bunscoile, dara leibhéal agus tríú leibhéal le fada an lá, ag cur réimse leathan seirbhísí ar fáil lena n-áirítear: turais threoraithe; léirithe agus ceardlanna; seirbhís eolais agus acmhainne; agus gníomhaíochtaí agus cúrsaí forbartha gairmiúla do mhúinteoirí.
Is acmhainn luachmhar iad taispeántais an Mhúsaeim do mhúinteoirí agus do scoláirí
Ag an Músaem is féidir leat:
- Foghlaim trí bhreathnú ar dhéantáin bhunúla
- Scrúdú a dhéanamh ar conas a oibríonn staraithe agus seandálaithe chun tuiscint a fháil ar shaol, ar obair, ar chultúr agus ar shochaí na staire
- Fianaise a lorg ag úsáid acmhainní príomhúla, trí fhoghlaim ‘fionnachtana'
- Staidéar a dhéanamh ar stair, stair áitiúil, ealaín, ceardaíocht agus dearadh, stair na healaíne, feasacht creidimh, drámaíocht, tíreolaíocht, matamaitic agus eolaíocht.
- Naisc a dhéanamh thar réimse ábhair trí chur chuige comhtháite agus tras-churaclaim maidir leis an bhfoghlaim.
Cuirtear fáilte mhór roimh mhúinteoirí agus roimh scoláirí chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Cuireann an Músaem seirbhís for-rochtana ar fáil freisin.
Faigh tuilleadh sonraí faoin tseirbhís Oideachais agus For-rochtana don Mhúsaem sa roghchlár ar chlé, agus faoin rannóg Fiosraigh & Foghlaim atá ar gach láithreán chun eolas a fháil a bhaineann go sonrach leis an láithreán sin.