
Rugadh Albert M. Bender (1866-1941), mac Rabbi Philip Bender, i mBaile Átha Cliath. Faoin am a bhí sé ina ógánach bhí sé tar éis dul ar imirce go dtí San Francisco i gCalifornia, agus faoi thús an fichiú haois bhí sé ar dhuine de na bróicéirí árachais ba rathúla ar chósta thiar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cé go raibh suim aige i mbailiú leabhar agus i nua-ealaín , agus gur thacaigh sé go flaithiúil leis an dá cheann, chuir sé suim in ealaín na hÁise freisin. In onóir a mháthar, Augusta Bender, thug sé timpeall 260 déantán, de bhunús Síneach, Seapánach agus Tibéadach den chuid is mó, d’Ard-Mhúsaem na hÉireann idir 1931 agus 1936. Ba é an seandálaí Adolf Mahr, a bhí ina Stiúrthóir ar an Ard-Mhúsaem ag an am, a bhí mar phríomhtheagmhálaí ag Albert Bender i rith na dtabhartas seo. Cé go raibh an tArd-Mhúsaem tar éis ealaín fheidhmeach Áiseach a bhailiú ó dheireadh an 19ú/ tús an 20ú haois, ba é seo an chéad sraith tabhartais suntasach a tugadh don Ard-Mhúsaem i rith na chéad bhlianta de neamhspleáchas na hÉireann. Tugadh aitheantas dó seo ag leibhéal an rialtais nuair a d’oscail Uachtarán na hArd-Chomhairle mar a bhí ag an am, Éamonn de Valera an ‘Augusta Bender Memorial Room of Far Eastern Art’ i Meitheamh 1934.
I measc na réad a bhailigh Bender agus a tugadh don Ard-Mhúsaem níos déanaí tá foireann neamhghnách Thangkas (péintéireacht ar chadás) d’Arhat (deisceabail) Buddha agus ceithre Lokapala (caomhnóirí) Ceithre Cheathrú an Domhain ó theampall Búdaíoch-Tibéadach ón 18ú haois. Tá teicstílí a bhaineann le Ríshliocht Qing (1644-1911 AD), Ukiyo-e Seapánach (priontaí bloc adhmaid), fallaing shagart Daoist ón 17ú/18ú haois sa tSín agus cúpla réad ealaíne maisitheach i réimsí miotalóireachta, ceirmeacha agus adhmaid sa bhailiúchán freisin.