Ag Caitheamh Leo

Comhrac Aonair, Lucht Déanta Gunnaí & Lucht Déanta Claimhte in Éirinn sa 19ú hAois

Lámhachadh D’Estere

Déanann an taispeántas seo scrúdú ar chomhrac aonair in Éirinn agus ar shaothar dhá theaghlach Éireannacha a rinne claimhte agus gunnaí i mBaile Átha Cliath sa 19ú haois. Ba iad teaghlach Rigby ó Shráid Suffolk an lucht déanta gunnaí ba cháiliúla in Éirinn agus ba iad teaghlach Read ó Shráid na Parlaiminte an lucht déanta claimhte ba cháiliúla sa tír. Bhí tionscal airm an-mhór ag Baile Átha Cliath sa 19ú haois agus léireoidh an taispeántas an saothar seo trí bhailiúchán mór claimhte agus gunnaí an Mhúsaeim a thabhairt amach as na stóir.

Osclóidh an taispeántas seo le linn geimhreadh na bliana 2008.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo