Rogha an Choimeádaí

Tá 25 réad sa taispeántas seo a roghnaigh coimeádaithe an Ard-Mhúsaeim féin sa Rannán Ealaíne & Tionscail. Tugtar aird ar leith sa ghailearaí seo do Vása Fonthill - an chéad phíosa doiciméadaithe de phoirceallán Síneach san Eoraip, agus meastar go bhfuil sé ar cheann de na seodra idirnáisiúnta is mó sa mhúsaem. I measc na réad eile atá sa taispeántas seo tá clog searmanach Seapánach atá os cionn 2000 bliain d’aois agus na lámhainní fada maisithe a chaith an Rí Liam ag Cath na Bóinne i 1690.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, An Chéad Urlár, an Bloc Thiar, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo