Criadóireacht agus Gloine ón gCipir Ársa

2500 RCh – 300 AD

Lonnaithe in oirthear na Meánmhara, agus saibhir i sil-leagan copair, b'oileán í an Chipir inar tháinig cultúir na hEorpa agus an Mheánoirthir le chéile i bhfoirm ar leith a bhronn nádúr sainiúil ar sheandálaíocht na Cipire. Is é an meascán seo de thionchair chultúrtha atá le feiceáil sa taispeántas seo de dhéantáin ghloine agus chriadóireachta. Roghnaíodh iad ó bhailiúchán an Mhúsaeim de thuairim is 500 seaniarsma Cipireach; thángthas ar an gcuid is mó díobh i dtuamaí i rith an naoú haois déag.

Dátaíonn na déantáin ón gCré-Umhaois Luath (2500–1900 RCh) anonn go ré na Rómhánach (58 RCh– 330 AD). Tá deilbhíní agus soithí criadóireachta sár-mhaisithe ar taispeáint ó gach tréimhse den Chré-Umhaois agus ó na tréimhsí seo: an tréimhse Gheoiméadrach Chipireach, an tréimhse Ársa Chipireach agus an tréimhse Chlasaiceach Cipireach. Léiríonn péire fáinní cluaise óir an tréimhse Heilléanaíoch dhéanach a tháinig i ndiaidh d’Alastar an t-oileán a ghabháil sa bhliain 333 RCh, agus dátaíonn soithí gloine agus ceirmeacha agus dhá lampa terracotta ó thréimhse na Rómhánach. Féadfar contrárthacht a dhéanamh idir stíl na lampaí Rómhánacha agus lampa níos luaithe de chineál dúchasach a bhí in úsáid ó 950 RCh go 50 RCh.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo