- Cá bhfuil taifid Choimisiún Béaloideasa Éireann á gcoinneáil anois?
Tá siad á gcoinneáil anois san ionad a tháinig i gcomharbacht ar Choimisiún Béaloideasa Éireann, Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann, UCD, agus an Bailiúchán Náisiúnta Béaloidis. (Féach rannóg na naisc)
- Cá háit is féidir staidéar a dhéanamh ar Bhéaloideas in Éirinn?
Is iad na príomhionaid tríú leibhéal ná Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann
, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus Roinn an Bhéaloidis agus na hEitneolaíochta
, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh.
- An mbíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann fós ag bailiú Réada de Shaol na Tuaithe?
Bíonn an Músaem fós ag bailiú réada den chineál seo, ach ní chomh mór is a bhíodh. Is chun bearna ar leith a líonadh nó ar mhaithe le taispeántas is mó a bhailítear ábhar sa lá atá inniu ann. Réimse bailiúcháin amháin atá ag méadú ná réimse earraí tomhaltóirí luatha a léiríonn saol agus athrú coitianta.