Ceisteanna Coitianta

 
An bhfuil difríochtaí réigiúnacha i réada ceirdeanna agus ceardaíochta?

Bíonn an-éagsúlacht réigiúnach ó thaobh ábhair agus deartha de in earraí tí a mbaintear mórán an úsáid chéanna astu. Níl sé neamhghnách teacht ar stíleanna éagsúla cathaoireacha, cuinneoga ime nó díonta tuí a bhain le háiteanna éagsúla sa tír. Bhí na difríochtaí seo ann de bharr ábhar áitiúil a bheith in úsáid, éagsúlacht scileanna na ndéantóirí agus de bharr rogha pearsanta agus traidisiún.

An bhfuil difir freisin idir díonta tuí ó áit go háit?

Rinneadh díonta tuí ó ábhair nádúrtha cosúil le tuí, líon, muiríneach nó luachair. D’úsáidtí modhanna éagsúla i gceantair éagsúla chun iad a cheangal i sraith sraitheanna nasctha chun an díon tuí a dhéanamh.

Bhí sá-tuíodóireacht an-choitianta in oirthear na tíre. Leis an modh seo chuirtí fainnil bheaga tuí isteach sa sean-tuí le forc beag ar a dtugtaí sáiteoir. Ní raibh an modh seo chomh comónta go náisiúnta is a bhí scolbáil áit a nasctaí an tuí leis an díon le slataí sailí nó le collslataí a ghreamaítí le 'scoilb', is é sin cipíní biorracha, solúbtha, cosúil le biorán gruaige.

Ar chósta gaofar an iarthair, ba mhinic gur coinníodh díonta tuí teann le sraith rópaí le meáchan orthu nó a bhí ceangailte síos.

Cén úsáid a bhaintí as na cineálacha éagsúla ciseáin?

Bhaintí úsáid as ciseáin ar fud na tuaithe agus éagsúlacht cruthanna agus toirteanna á ndéanamh don uile chineál úsáid sa teach agus ar an bhfeirm. Baineadh gach cineál úsáid astu, idir stóras agus cur síol agus beathú agus coinneáil ainmhithe. Dhéantaí ciseáin chliathoibre de shlata sailí, brilleoga agus saileánach. D’fhás go leor feirmeoirí brilleoga chun a gciseáin féin a dhéanamh. Dhéantaí ciseáin as tuí, luachra, fraoch agus dris chomh maith.

Cén ról a bhí ag an ngabha sa phobal?

D'aithnítí an gabha mar phríomhcheardaí. Bhí ard-mheas air agus thugtaí aitheantas dó as an ról a bhí aige sa phobal. Chruthaigh sé agus dheisigh sé réimse leathan ábhar ó gheataí go dtí uirlisí cócaireachta agus uirlisí talmhaíochta agus uirlisí na gceardaithe. B’eisean an crúdóir chomh maith – an dualgas air crúite a chur ar chapaill agus ar asail.

Conas a mhaisigh daoine a dtithe?

Ón dara leath den naoú haois déag ar aghaidh, bhí troscán cosúil le cathaoireacha, drisiúir, boird agus leapacha frámaithe an-choitianta sna tithe ba bhoichte fiú, mar bhí daoine ag éirí níos rachmasaí agus bhí fáil níos mó ar chineálacha adhmaid níos saoire. Thóg saoir adhmaid, siúinéirí agus rothadóirí, troscán chun leas a bhaint as an spás thart ar na ballaí agus as an easpa spáis a bhí ar an urlár laistigh den teach.

Céard a d’úsáid an deileadóir adhmaid chun a chuid earraí a dhéanamh?

Bhain an saor adhmaid speisialaithe – an deileadóir – úsáid as deil chun píosaí adhmaid a mhúnlú i réimse nithe ciorclacha nó sorcóireacha cosúil le babhlaí agus ubhchupáin, nó cosa do spáid agus cluasa d’uirlisí ceardaithe. Is éard atá sa deil san fhoirm is simplí ná bíomaí cothrománacha le corr feiste ar a gcastaí an píosa adhmaid a bhí le múnlú. Is forbairt í an deil chleithe ar an deil bhunúsach; feidhmíonn sé ar an bprionsabal go gcastar an píosa adhmaid trí chordaí a chur timpeall air, le taobh amháin den chorda nasctha leis an troitheán (luamhán a bhrúitear leis an gcos), agus an ceann eile le cuaille solúbtha os a chionn. Lig an deil chleithe don cheardaí obair a dhéanamh ar thaobh amháin den adhmad ag am ar bith, rud atá éagsúil ón deil nua-aimseartha lena rothlach leanúnach. Chiallaigh sé seo go bhféadfadh sé srón a fhágáil ar an adhmad a d'fhéadfaí a shníomh níos déanaí chun hanla a dhéanamh de. Ba é James Loftus as Buiríos Uí Chéin, Co. Thiobraid Árann, (1851–1933) duine de na deileadóirí traidisiúnta deireanacha a d’úsáid an deil chleithe.

Céard a rinne an cúipéir tuaithe?

Rinne an cúipéir soithí adhmaid le taobháin le húsáid sa teach agus ar an bhfeirm. Ar na soithí a rinne sé bhí cuinneoga, bairillí agus buicéid chomh maith le soithí a d’úsáidtí chun ithe agus ól astu agus le leacht a stóráil iontu. Thugtaí pigíní ar na soithí is mó go hiondúil, agus naigíní ar na cinn níos lú. Mhúnlaítí na cantaí adhmaid go cúramach ar cheithre thaobh ionas go luífidís le chéile go teann agus choinnítí in áit iad le lataí iarainn nó le slataí sailí nó le collslataí. Bhí obair an chúipéara riachtanach do theaghlaigh tuaithe a raibh éagsúlacht soithí de dhíth orthu chun bainne a phróiseáil, éadaí a ní agus bia a stóráil.

Cén fáth go raibh an oiread tábhachta leis an diallaiteoir agus an déantóir úmacha faoin tuath in Éirinn?

Ós rud é go raibh capaill oibre an-choitianta in Éirinn, bhí an-tóir ar dhéantóirí úmacha. Bhí neart agus buaine úmacha tábhachtach mar gur bhraith an feirmeoir ar chumhacht na gcapall chun an oiread sin de ghnáth-obair laethúil a dhéanamh. D’fhéadfadh úmadóir suas le seacht mbliana a chaitheamh ag foghlaim a cheirde.

Cén cineál réada a rinne an gabha stáin?

Rinne an gabha stáin, nó an ‘tincéir’ nithe stán cosúil le soithigh agus lampaí agus dheisigh sé earraí cosúil le sáspain agus buicéid. Bhíodh sé ag taisteal ó cheantar go ceantar chun dóthain oibre a fháil, agus dhíoladh a theaghlach a chuid earraí ó dhoras go doras, mar aon le hearraí eile a bhíodh ag teastáil ó theaghlaigh tuaithe, cosúil le almanaig, snáthaidí, scuaba sciúrtha agus pionnaí adhmaid.

Cén fáth ar tháinig meath ar cheirdeanna agus ar cheardaíocht?

Bhí deireadh ag teacht le ról an cheardaí i lár an 20ú hAois, le fáil níos éasca ar earraí a olltáirgeadh, a dháileadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le modhanna agus líonraí nua iompair. De réir mar a tháinig an tarracóir in áit an chapaill tháinig laghdú ar obair an ghabha agus an déantóra úma. Laghdaigh tábhacht na gciseán le teacht an phlaistigh nua mar aon le paicáistiú earraí i mboscaí cairtchláir. Tháinig troscán ó mhonarcha, déanta go minic as ábhar nua cosúil le sraithadhmad, agus ghlac sé áit an stíl dhúchais.

An bhfuil na scileanna seo taifeadta in aon áit?

Bunaíodh rannán Saol na Tuaithe in Éirinn d’Ard-Mhúsaem na hÉireann sna 1930í chun cleachtas na gceirdeanna agus na ceardaíochta seo a thaifeadadh agus chun na réada a tháirg na ceardaithe a chaomhnú. Tá cartlann taighde cuimsitheach grianghraf agus roinnt scannán sa rannán seo, a léiríonn na ceardaithe seo i mbun a gcuid oibre. Tá taifid freisin sna cartlanna sa Roinn Béaloidis, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Dearadh Gréasáin le Arekibo