Ceisteanna Coitianta

 
Cén giúrléid ba choitianta ar an bhFeirm in Éirinn?

Braitheann sé ar an bhfeirm, ach ba é an spád an giúrléid aonair ba choitianta agus bhí sé le fáil ar an bhfeirm is lú. Bhí an-éagsúlacht áitiúil i spáda in Éirinn, agus cuireadh in oiriúint iad chun fataí a chur agus chun iomairí a dhéanamh. Scaip spáda le dhá thaobh ón tuaisceart agus ón oirthear agus ba i muilte spáda is mó a táirgeadh iad seo. Bhí ‘láí’ le taobh amháin níos coitianta san iarthar agus san iardheisceart agus gaibhne is mó a rinne iad seo. Níl ach an cineál leis an dá thaobh á ndéanamh anois. Bhí spád speisialta ar a dtugtar ‘sleán’ ann freisin chun móin a bhaint mar bhreosla.  


Céard iad na gnáthghníomhaíochtaí a bhí ar siúl ar an bhfeirm?

D’athraigh siad seo de réir an tséasúir. I dtús an earraigh réitíodh agus treabhadh an talamh faoi réir na mbarraí. Bhaintí feamainn scaití mar leasú talún. Chuirtí na barra i lár an earraigh. Beirtear go leor uan agus laonna timpeall an ama seo. I mBealtaine agus i Meitheamh, baineadh an mhóin mar bhreosla. Chuirtí eallach amach chun féarach. I rith an tsamhraidh, dhéantaí gortghlanadh ar bharra. Ba é an féar tirim an chéad bharra a bhaintí. Níor mhór móin bhainte a iompú chun í a thriomú. Chuirtí sprae ar fhataí chun iad a chosaint ó dhúchan. Chuirtí tús le fómhar gránbharra i mí Lúnasa agus bheadh na chéad fhataí réidh gairid ina dhiaidh sin. I Meán Fómhair, thugtaí an mhóin abhaile. Bhaintí torthaí agus caora i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, agus bhaintí barra fréimhe suas go dtí mí na Nollag. Sa gheimhreadh, deisíodh sconsaí agus trealamh, agus glanadh draenacha. Cuireadh foscadh agus bia ar fáil d’eallach. I rith na bliana, bhí ba le crú agus ainmhithe le díol agus le ceannach go rialta ag margaí. 


Cad iad na cineálacha céachta is coitianta?

Ba céachta miotail luasctha, gan rothaí, ba mhó a d’úsáidtí i gceantair dronnlacha agus creaga. In áiteanna a raibh ithir níos fearr, bhí céachtaí rotha níos coitianta agus bhí sé níos furasta treabhadh leo. I roinnt áiteanna bhí céachta adhmaid á ndéanamh ag ceardaithe áitiúla go dtí lár an 20ú hAois. Ba ar Pierce ó Loch Garman is mó a bhí cáil as céachtaí a dhéanamh in Éirinn. 


Cad é curach?

Is bád í an curach atá clúdaithe le craiceann. Tarraingíodh craiceann ainmhithe thar chiseán nó fráma adhmaid. I dtús an 19ú haois, forbraíodh craiceann canbháis clúdaithe le tarra. San 20ú haois, d’éirigh curacha snáithínghloine níos fairsinge. 


Cén mhéid cineál curach ann?

D’aithin James Hornell timpeall 12 cineál curach i staidéar a rinneadh sna 1930í. Tá roinnt cineálacha nua curach tugtha faoi deara ó shin i leith - curacha rásaíochta, curacha snáithínghloine agus curacha beaga mar bháid freastail. 


Cén fáth go bhfuil an curach fós againn?

Tá go leor cúiseanna go bhfuil curacha fós againn. Is bád í an curach atá d’acmhainn ag duine a cheannach agus atá an-oiriúnach don fharraige. Ní bhíonn curacha níos éadroime ag brath ar thaoidí agus ar céanna mar go n-iompraítear isteach is amach as an uisce iad ag tús agus deireadh gach turas. Is báid thapa, phraiticiúla iad na curacha snáithínghloine le hinneall transaim. Is spórt samhraidh í rásaíocht churach, rud a chuireann oscailt eile ar fáil dóibh. Feictear mar shiombail aitheantais agus staire áitiúil iad i gceantair áirithe. 


Cén chaoi is féidir liom foghlaim le curach a thógáil?

Tá roinnt lámhleabhair ann - féach léitheoireacht mholta thuas. Tá ceird thógáil na gcurach á mhúineadh ag an eagraíocht Meitheal Mara atá bunaithe i gCorcaigh agus bíonn cúrsaí á múineadh ó am go ham ag grúpaí áitiúla éagsúla, le hurraíocht ó Údarás na Gaeltachta go minic. 


Dearadh Gréasáin le Arekibo