Neillí Mulcahy
Gabhann Ard-Mhúsaem buíochas ó chroí le Neillí Mulcahy as ucht a cuid flaithiúlachta. Bhronn Neillí bailiúchán dá saothar ar an Músaem, a cartlann shubstaintiúil san áireamh. Clúdaíonn an bailiúchán tréimhse thábhachtach i bhforbairt fhaisean na hÉireann san 20ú haois, agus caomhnófar é do na glúnta amach anseo agus is acmhainn luachmhar a bheidh ann do scoláirí dearaidh, faisin, teicstílí agus stair chultúrtha na hÉireann.