Neillí Mulcahy

Bhí Neillí Mulcahy ar dhuine de dhearthóirí faisin ceannródaíochta na hÉireann i rith na 1950í agus 60í agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa Irish Haute Couture i 1952 in éineacht le Irene Gilbert, Ib Jorgensen agus Clodagh (Phipps).

Rugadh Neillí i mBaile Átha Cliath i 1925 agus chuaigh sí ar scoil ag Clochar Loreto ar Fhaiche Stiabhna. Bhí baint mhór ag a hathair, an Ginearál Risteard Ó Maolchatha le Cogadh na Saoirse agus le bunú an Stáit. Thug cúrsa i mBainistíocht Institiúideach eolas i dtosach di faoi ghúnadóireacht agus faoi chúram a dhéanamh d’éadach, agus chuaigh sí i mbun oiliúna ag an Grafton Academy of Dress Design ina dhiaidh sin.

Ag tús a gairm bheatha, bhí sí ag múineadh gearradh pátrúin ag an Acadamh agus ag bainistiú réimse Junior Miss i monarcha éadaí i mBaile Átha Cliath. I 1951, chaith Neillí sé mhí ag obair in atelier Jacques Heim i bPáras ag fáil taithí iontach ar shaol haute couture na Fraince.

I mí Dheireadh Fómhair 1951, d’oscail Neillí a salún féin ag Uimh 30 Sráid Fhreidric Theas. Is gúnaí tráthnóna agus trousseaux bainise is mó a rinne sí ar dtús. I 1955 chuir sí a céad seó faisin ar siúl i nGort Lisín, teach a tuismitheoirí i Ráth Maoinis. Bhíothas dearfach faoin seó sna páipéir nuachta agus rinne roinnt léirmheasanna cur síos ar éadaí spórtúla neamhfhoirmiúla chomh maith leis an scil a bhí aici le bréidín.

Bhí an úsáid shamhlaíoch a bhain Neillí as bréidín Éireannach mar bhunghné dá saothar, agus d’oibrigh sí le fíodóirí chun fabraicí a tháirgeadh i réimse leathan meáchain, fí agus dathanna. Bhí úsáid nuálach á bhaint aici as fabraicí cniotáilte as snáithe bréidín, chun dul leis an mbréidín. D’oibrigh sí i gcomhar leis an dearthóir teicstíle Michael McInerney freisin, agus tháirg an bheirt acu báiníní, poiplíní, línéadach agus fabraic cniotáilte priontáilte le lámh.

I 1962, dhear Neillí éide couture nua do Bhanmhaoir Aer Lingus. Bhí sé seo déanta as bréidín lámhfhite Dhún na nGall, agus ní raibh ann ach ceann de na coimisiúin éide ar thug sí fúthu thar na blianta.

Ceann de na margaí ba láidre a bhí ann d’fhaisean na hÉireann ag an am ná na Stáit Aontaithe, agus d’éirigh go maith ann le dearthaí Neillí, a fuair inspioráid ó thírdhreach na hÉireann agus a grá d’fhabraicí na hÉireann. Ba chuairteoirí Meiriceánacha go hÉirinn a bhí in go leor dá cliaint thar sáile, agus chomh maith leis na turais fógraíochta trasatlantaigh a thug sí, bhunaigh sí gnó postdíola chun freastal orthu.

Is minic a thagair léirmheasanna ar a bailiúchán bliantúil do stádas Neillí mar mháthair a bhí ag obair. Faoin am a dhún sí an salún i 1969 bhí seisear iníon óg aici, Anne, Máire, Helen, Orna, Catherine, agus Karin. Rugadh a seachtú iníon, Sarah, i 1974.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo