Foinsí
Conas Stair Mhíleata do Theaghlaigh a fháil
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann lánsásta fiosruithe a fhreagairt maidir leis an taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh, ach níl faisnéis aige ar sheirbhís mhíleata dhaoine ar leith. Má tá a leithéid d’fhaisnéis ag teastáil uait ba chóir duit dul i dteagmháil leis na heagraíochtaí seo a leanas:
Daoine aonair in Óglaigh na hÉireann
Tugtar faisnéis do neasghaol cruthaithe; ba chóir ainm, céim agus dáta breithe a thabhairt agus iarratas á dhéanamh. Chun faisnéis a fháil maidir le pinsean agus boinn dhaoine ar leith a bhí ar fónamh idir 1916 agus 1922, scríobh chuig:
Rannóg Liúntais na Sean-saighdiúirí,
An Roinn Cosanta,
An Rinn Mhór, Gaillimh,
Éire.
Le haghaidh taifid phearsanra na n-oifigeach neamhchoimisiúnaithe, agus céimeanna eile scríobh chuig:
Oifig Bainistíochta na bPearsanra Liostáilte,
Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann, Coláiste Chaoimhín,
Bóthar Mobhí,
Baile Átha Cliath 9,
Éire
Le haghaidh taifid na n-oifigeach scríobh chuig:
Oifig Bainistíochta na nOifigeach Coimisiúnta,
Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann, Coláiste Chaoimhín,
Bóthar Mobhí,
Baile Átha Cliath 9,
Éire
Daoine aonair i bhFórsaí Armtha na Breataine
Is féidir leis an ‘Commonwealth War Graves Commission’ faisnéis a sholáthar ar ghaol a maraíodh sa Chéad nó sa Dara Cogadh Domhanda, i seirbhís na Breataine nó an Chomhlathais. Is féidir teacht ar an ábhar seo ar roinnt bealaí éagsúla, a láithreán gréasáin san áireamh. Tabhair faoi deara go bhfuil sé úsáideach sonraí reisiminte agus an bhliain a bhásaigh an duine a bheith ar eolas.
Commonwealth War Graves Commission
2 Marlow Road,
Maidenhead,
Berkshire
SL6 7D
Teil: 0044 1628 634221
Tá taifid seirbhíse Arm na Breataine roimh 1914 agus taifid seirbhíse saighdiúirí agus oifigeach neamhchoimisiúnaithe an Chéad Chogadh Domhanda sna ‘National Archives’ (Cartlann Náisiúnta na Breataine), ach cailleadh a lán díobh seo sa bhuamáil le linn an Dara Cogadh Domhanda. Le sonraí a fháil orthu seo féach ar an láithreán gréasáin:
National Archives
Ruskin Avenue, Kew, Richmond,
Surrey
TW9 4DU
Teil: 0044 20 8392 5200
Tá taifid na saighdiúirí a bhí i seirbhís idir 1922 agus lár na 1990í ag an Army Records Office de chuid an UK Ministry of Defence. Scaoilfidh an ARO taifid le neasghaol cruthaithe ar tháille, ach d’fhéadfá a bheith ag feitheamh i bhfad ar an tseirbhís seo. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an láithreán gréasáin
nó scríobh chuig:
Army Personnel Centre, HQ Secretariat
Historical Disclosures Mail Point 400, Kentigern House
65 Brown Street,
Glaschú
G2 8EX
Teil: 0044 845 600 9663, rogha 1, agus ansin rogha 3
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar www.irishsoldiers.com
agus in “Guide to Irish Military Heritage” leis an Dr Brian Hanley arna fhoilsiú ag Four Courts Press, Baile Átha Cliath 2004.
Is féidir an fhaisnéis thuas a íoslódáil i bhfoirm PDF chomh maith: