Tá bailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann d'órshaothar réamhstairiúil, dátaithe idir 2200 RCh agus 500 RCh, ar cheann de na bailiúcháin is mó agus is tábhachtaí in iarthar na hEorpa. Is seodra atá sna píosaí den chuid is mó ach ní fios cén fheidhm bheacht a bhí ag cuid acu.

Le linn na Cré-Umhaoise Luaithe rinneadh na príomhtháirgí as leatháin óir, agus ina measc sin bhí griandioscaí agus muincí óir corránacha ar a dtugtaí luanlaí. Timpeall ar an mbliain 1200 RCh forbraíodh teicnící nua chun ór a shaothrú. Le linn na tréimhse sin rinneadh mórán toirc éagsúla trí bharraí nó stiallacha óir a chasadh.

D’athraigh na stíleanna arís thart ar 900 RCh agus is féidir órshaothar na tréimhse seo a roinnt in dhá phríomhchineál. Tá contrárthacht mhór idir réada soladacha ar nós bráisléid agus fáiscíní éadaigh agus muincí móra déanta as leathán óir agus spóil chluaise fhíneálta.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht, Urlár na Talún, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo