Beatha agus Bás sa Domhan Rómhánach

Tá réada sa taispeántas atá á stóráil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ó thús na 1920í. Is sa 19ú agus sa 20ú haois a bailíodh na réada den chuid ba mhó, agus ní hamháin chun iad a chur ar taispeáint go poiblí ach chun cabhrú le scoláirí ina gcuid staidéir ar ailtireacht agus ealaín chlasaiceach. I measc an bhailiúcháin tá soithí gloine, teicstílí, dealbha, criadóireacht, boinn, geamchlocha agus bloghanna ailtireachta ó áiteanna éagsúla cosúil leis an Éigipt, an Ostair agus Sasana.

Ag tús an taispeántais tá roinnt ábhar Éatrúscach agus ina dhiaidh sin déantar iniúchadh ar na téamaí seo a leanas ‘an Saol Laethúil’; ‘Bás, Adhlacadh agus an Saol ina Dhiaidh’; ‘Reiligiún’; ‘Éadaí agus Maisiú Pearsanta’; ‘Siamsaíocht’; agus ‘Cumhacht Impiriúil sa Saol Rómhánach’. Cuirtear deireadh leis an taispeántas le tabhairt isteach na Críostaíochta.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo