Bachall Abaí Chluain Mhic Nóis
Níl stair luath an phíosa seo ar eolas. Fuair Acadamh Ríoga na hÉireann é in 1844 mar chuid de bhailiúchán an Mhaoir Sirr agus baineann sé leis an mainistir mhór i gCluain Mhic Nóis, Co. Uíbh Fhailí. Is éard atá ann ná sáfach adhmaid clúdaithe le cré-umha, neartaithe le trí ghléasadh nó chnoba agus le crúca toll cuartha ar an mbarr. Tá an crúca iontlaise in airgead agus niello (taos miotalach dubh) i ndearadh de ribíní agus nathracha comhghlasáilte. Tá an chíor dhamáistithe i bhfoirm mórshiúl madraí, a chríochnaíonn ag an tosach le ceann duine a bhfuil féasóg air. Sa spás toll taobh thíos de taispeántar figiúr beag d’easpag ag marú dragan lena bhachall. Cuireadh an figiúr seo leis níos déanaí, sa 14ú nó 15ú hAois AD.
As na trí chnoba, níl maisiúchán airgid iontlaise i gcomhoiriúint leis an gcrúca ach ar an gceann sa lár. Tá an dá cheann eile roinnte ina bpainéil ina bhfuil patrúin dhualacha agus bhláthacha, a bhí cruanta nuair a rinneadh é an chéad lá riamh. Tá stodaí gloine gorma agus stiallacha copair trilesánaithe agus sreanga airgid mórthimpeall orthu seo. Taobh thíos den chnopa uachtair tá muince atá maisithe le dhá ainmhí cosúil le cait, lena gcosa tosaigh comhghlasáilte agus snaidhmeanna triaracha á dhéanamh ag a n-eireabaill, agus ceann ainmhí anchúinseach ag an deireadh. Cé nach bhfuil aon inscríbhinn air, is féidir dáta thart ar an mbliain 1100 AD a chur ar an mbachall seo toisc na hoibre iontlaise agus stíl na hornáide ainmhí.