Dealg na Teamhrach

An

Tá an dealg déanta d’airgead teilgthe óraithe agus is éard atá ann ná fáinne le hachar fairsing agus pionna fada saor-sclóinte. Tá slabhra cniotáilte ceangailte ar thaobh amháin trí cheann ainmhí a bhfuil greim aige ar lipéad ar insí. Tá gach dromchla maisithe. Ar imill an fháinne tá ainmhithe le heireaball éisc, agus ar an aghaidh tá ornáidí fíolagráin ilchasta d’ainmhithe freangtha i snaidhmeanna ilchasta agus crosfhí maisithe le gráinníní óir. Úsáidtear cineálacha difriúla sreanga agus stéille óir i dteaglamaí éagsúla chun éifeacht shaibhir a thabhairt. Tá ómra agus cruan mar mhaisiú ar na neadacha. Is éard atá sa lipéad ar insí ná comhshuíomh de chinn ainmhithe mar aon le dhá cheann daonna teilgthe gloine bídeacha. Ar an gcúl tá grúpa patrún dlúthdhingthe i saothar teilgthe - beithígh, lena n-áirítear, i lár an achair fhairsing, ainmhithe infhillte, agus, ar imeall an fháinne tá ealta éan. Tá saothar scrolla ilchasta d’ornáid bhíseach i stíl La Tène ar na painéil airgeadaithe ar an gcúl. Feictear an dearadh mar chopar trí shraith éadrom airgid. Baintear úsáid as teicníc chomhchosúil chun an patrún a chruthú ar phríomhphainéal an fháinne ach anseo tá sraith éadrom óir os cionn an chopair.

Tá an dealg 224.36g meáchain anois, tá an fáinne 8.7cm ar trastomhas agus tá an pionna 22.5cm ar fad. Fuarthas é ag Baile an Bhiataigh, Co. na Mí, ar an gcósta thoir, agus tá Dealg na Teamhrach ar cheann de na táirgí is fearr ó cheardaíocht an ochtú haois. Tá an bhaint atá aige le láithreán ríoga ársa na Teamhrach bréagach - ba déileálaí a raibh an dealg aige uair amháin a chum an scéal sin. Taispeánann a stíl an comhtháthú idir na traidisiúin - maisiúchán dúchasach Ceilteach La Tène déanach agus ornáid ainmhí Ghearmánach mar shampla - a chuir le cruthú na healaíne i Ré Órga an ochtú agus an naoú haois. Dearadh an dealg mar réimse chun ornáid a thaispeáint, ní oibreodh sé mar fháiscín clóca éifeachtach. Seans gur cheangail an slabhra an dealg le pionna cosanta i dtreo is nach dtitfeadh sé. Dar ndóigh, is do dhuine ar ard-stádas a rinneadh é.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo