Clos-Chuntais

Tugann Saighdiúirí agus Taoisigh beocht do scéalta mhuintir na hÉireann a mhair trí choimhlintí éagsúla sa bhaile agus thar lear.

Ar feadh an taispeántais beidh deis agat éisteacht le scéalta pearsanta na ndaoine seo mar a d’inis siad iad - tá cnaipe ag tús na gcásanna taispeána is féidir a bhrú chun éisteacht leo.

Léigh thíos chun réamhamharc a fháil ar na clos-chuntais, déan an comhad pdf a íoslódáil le priontáil amach sa bhaile agus tabhair leat chuig an taispeántas é.

 
Seomra Réamheolais

Éist le scéalta na ndaoine a mhair i nDún Uí Choileáin agus timpeall air le 250 bliain anuas.

Gailearaí 1 - Garastún na Breataine in Éirinn

Éist le scéalta pearsanta na saighdiúirí agus a dteaghlach in Éirinn sa 19ú haois.

Gailearaí 2 - Cogaíocht in Éirinn

Éist le scéalta pearsanta faoi Léigear Áth Luain, 1691 agus Éirí Amach 1798.

Gailearaí 3 - Na Géanna Fiáine

Éist le scéalta pearsanta faoi thaithí na nGéanna Fiáine in Airm na hEorpa le linn blianta suaite an 19ú haois luath.

Gailearaí 3a - na hÉireannaigh i gCogadh Cathartha Mheiriceá

Éist le cuntas ar thaithí fhir mhíleata na hÉireann i Meicsiceo le linn an chogaidh idir Meicsiceo agus Meiriceá ó 1846 go 1848, a troideadh i ndiaidh do na Stáit Aontaithe Texas a nasc-ghabháil.

Gailearaí 4 - Na Gaeil i Seirbhís na Breataine

Éist le scéalta faoi shaighdiúirí na hÉireann sna trópaicí, eachtraí a bhí ag bean Éireannach san India agus saighdiúir Éireannach in arm Wellington.

Gailearaí 5 - An Chéad Chogadh Domhanda agus Éirí Amach 1916

Éist le cuntas faoi na himeachtaí le linn Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath, 1916.

Gailearaí 7 - An Todhchaí a Chruthú

Éist le hOrduithe Máirseála na hÉireann, agus scéal pearsanta faoi fhir as Éirinn a throid i gCogadh Cathartha na Spáinne.

Gailearaí 7a - An Dara Cogadh Domhanda - An Éigeandáil

Éist le scéalta atá ag saoránaigh faoin Éigeandáil agus le mná agus fir na hÉireann ag cur síos ar a dtaithí i bhFórsaí na gComhghuaillithe.

Dearadh Gréasáin le Arekibo