Gailearaí 7a - An Dara Cogadh Domhanda - An Éigeandáil

Téigh chuig Saoránaigh i mBun Cogaíochta (limistéar suíocháin)

Éist le scéalta atá ag saoránaigh faoin saol in Éirinn le linn na hÉigeandála.

  • Déanann an Garda Senan Finucane cur síos ar an iarmhairt a bhí ag Buamáil an Trá Thuaidh, Baile Átha Cliath, 31 Bealtaine 1941. Cé gur tharla roinnt buamála ar chósta oirthear na hÉireann, ba é seo an ceann ba thromchúisí. Maraíodh 34 duine agus fágadh na céadta gan dídean. (1 nóiméad 24 soicind)
  • Labhraíonn Liam O’Reagain faoi shaighdiúireacht pháirtaimseartha san bhFórsa Cosanta Áitiúil i rith na hÉigeandála. D’fhóin os cionn 100,000 fear sa bhFórsa Cosanta Áitiúil le linn na tréimhse seo. (44 soicind)
  • Cuimhníonn Maureen Diskin siar ar an saol a bhí ann ó lá go lá agus ar ghanntanas bia i mBaile Átha Cliath i rith na hÉigeandála. (45 soicind)
  • Déanann an Dara Innealtóir Walker cur síos ar mar a chuir U-Bhád Gearmánach an Long Thrádála Éireannach, Clonlar, go tóin poill i mí Lúnasa 1941. Cuireadh 16 long Éireannach go tóin poill le linn blianta an chogaidh agus cailleadh 149 duine dá bharr. (58 soicind)

Téigh chuig Fir agus Mná na hÉireann i bhFórsaí na Breataine

Éist le fir agus mná na hÉireann ag cur síos ar a dtaithí i bhFórsaí na gComhghuaillithe ar fud an domhain le linn an Dara Cogadh Domhanda.

  • Labhraíonn an píolóta trodaíochta RAF, Brendan, (’Paddy’), Finucane as an 452 Scuadrún, i nDeireadh Fómhair 1941 faoin tionchar a bhí ag eitilt i misean ar an intinn ina dhiaidh sin. Chuaigh Finucane, a rugadh i mBaile Átha Cliath, isteach san RAF i 1938 agus throid sé i gcath na Breataine ina dhiaidh sin. Maraíodh é i misean buamála ocht mí i ndiaidh an agallaimh seo. (1 nóiméad 34 soicind)
  • Déanann an Foleifteanant Bill Carrigan as an gCabhlach Ríoga cur síos ar mar a chuaigh an buama adamhach, Hiroshima, 1945, i gcion air féin. 1 nóiméad 30 soicind)
  • Déanann Anita Leslie cur síos ar dhul isteach sa champa díothaithe Gearmánach, Nordhausen, ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda. D’aistrigh Leslie, tiománaí otharchairr le Cros Dhearg na Breataine go dtí an 1ú rannán armúrtha Francach i nDeireadh Fómhair 1944. (2 nóiméad 40 soicind)
 
Dearadh Gréasáin le Arekibo