Criadóireacht agus Gloine ón gCipir Ársa

Díríonn an taispeántas seo ar dhéantáin ón gCipir i mbailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann, mórán díobh nár cuireadh ar taispeáint riamh cheana. Tá an chuid is mó de na píosaí ceirmeach agus is cosúil go dtagann siad ó thuamaí a fuarthas sa 19ú hAois. Dátaíonn na déantáin ón gCré-Umhaois, thart ar 2500 RCh, go dtí an ré Rómhánach dhéanach, thart ar 300 AD, agus eagraítear go croineolaíoch iad. Tá cúig dheilbhín cré ar iasacht ó Mhúsaem na Cipire, an Niocóis, san áireamh sa taispeántas chomh maith.

Léiríonn an éagsúlacht stíleanna agus maisiúcháin atá le feiceáil sna déantáin ó gach ré an meascán uathúil de thionchair chultúrtha atá ina bpríomhthréithe ag seandálaíocht na Cipire.

Is deis uathúil í seo chun foghlaim faoi bhailiúchán stairiúil de cheireamaic agus de ghloine áille ón gCipir.

 
Sa Taispeántas Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo