Sonraí na dTaispeántas
1916 agus a Áit i Stair na hÉireann
Bhí tionchar nach beag ag Éirí Amach na Cásca 1916 agus ag Cogadh na Saoirse a tháinig ina dhiaidh i 1919-’21 ar an gcruth atá ar Éirinn an lae inniu. Ag tús an Chéad Chogadh Domhanda, bhí an chuma ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, a bhí tiomanta do neamhspleáchas na hÉireann taobh istigh d’Impireacht na Breataine, nach bhféadfaí iad a bhualadh. Tar éis Olltoghchán 1918 d’fhág an páirtí saol polaitiúil na hÉireann uilig. Sa toghchán sin, tháinig Sinn Féin, a bhí tiomanta do Phoblacht neamhspleách a bhunú, isteach mar ghlór náisiúnachais na hÉireann gan aon fhreasúra. Ní féidir an t-athrú mór millteach seo i dtuairim an phobail a bhí mar chúis leis an athrú seo a mhíniú ach amháin i gcomhthéacs 1916 agus an méid a tharla ina dhiaidh.
Tá an taispeántas eagraithe timpeall ar cheithre rannóg, a leanann cúlra imeachtaí 1916, a scrúdaíonn an cath féin, a leanann an méid a tharla ina dhiaidh sin go dtí 1923, agus ar deireadh, a scrúdaíonn na bealaí a comóradh an tÉirí Amach go dtí an lá atá inniu ann.