Na hIarmhairtí

Imtheorannú, 1919-21

Astu siúd a gabhadh i ndiaidh an Éirí Amach, rinneadh an chuid is mó díobh a imtheorannú i bpríosúin éagsúla sa Bhreatain - Knutsford, Lewes, Wandsworth, Wakefield, Stafford, Glaschú agus Perth. Aistríodh thart ar 1,800 go campa imtheorannaithe ag Frongoch sa Bhreatain Bheag níos déanaí. Anseo thogh siad a gceannairí féin, rinne siad staidéar ar an nGaeilge agus ar an stair agus choinnigh siad a n-eagraíocht féin go ginearálta. Scaoileadh an chuid is mó díobh saor i mí Lúnasa agus an chuid eile i mí na Nollag. Scaoileadh na príosúnaigh a ciontaíodh saor i mí an Mheithimh 1917. De réir mar a threisigh an choimhlint i gCogadh na Saoirse, ní raibh na príosúin a bhí ann in ann déileáil le líon na bpríosúnach a bhí ag teacht isteach agus bunaíodh roinnt campaí imtheorannaithe, ar nós Inis Spíce, Co. Chorcaí agus Baile Choinnleora, Co. an Dúin. Bhí breis agus 2,000 príosúnach i mBaile Choinnleora, agus d’eagraigh siad compántais amharclainne, ranganna, cumainn agus grúpaí ceirde dá gcuid féin agus d’eisigh siad a mboinn airgid féin fiú. Thug na cónaitheoirí “an ollscoil” ar an gcampa.

Cogadh na Saoirse, 1919-21

Ní raibh an treallchogaíocht a bhris amach in Éirinn ó 1919 pleanáilte den chuid is mó. Bhí tionchar níos mó ag forbairtí agus daoine áitiúla uirthi ná mar a bhí ag aon treoir lárnach agus bhí an choimhlint níos géire in áiteanna éagsúla, ag brath ar an réigiún. Déantar cur síos air mar chogadh ‘páirtaimseartha agus eipeasóideach’ agus tharla na troideanna ba mheasa i gcathair Bhaile Átha Cliath agus i gCúige Mumhan, agus is beag coimhlinte a chonacthas sna codanna eile den tír in aon chor. De réir mar a d’athraigh agus a d’fhorbair an I.R.A. agus arm na Breataine a oirbheartaíocht mhíleata, agus de réir mar a mhéadaigh na luíocháin, ruathair, ainghníomhartha agus bearta díoltais, ba léir de réir a chéile nach bhféadfadh ceachtar acu an lámh in uachtar a fháil go hiomlán. Ar dtús thosaigh an cogadh le ruathair ar airm, agus tharla an chéad cheann ag an tSulchóid Bheag, Co. Thiobraid Árann, in Eanáir 1919. De réir mar a chuaigh an bhliain ar aghaidh, d’éirigh na hionsaithe ar bheairicí póilíní níos measa, cuireadh Arm na Breataine i bhfeidhm níos mó agus níos mó, agus faoi dheireadh na bliana bhí 40,000 trúpa sa tír. D’éirigh an trodaíocht níos géire i 1920 agus bhí luíocháin agus scríoba míleata an-choitianta. D’fhorbair an I.R.A. cineál treallchogaíochta, bunaithe ar cholúin reatha agus aonaid seirbhíse ghníomhacha, a raibh sé an-deacair troid ina coinne. I 1921 bhí an cogadh ag leibhéal nua fíochmhaire, agus lean bearta díoltais ón mBreatain, idir chinn oifigiúla agus neamhoifigiúla araon, ionsaithe an I.R.A. ar bheairicí agus ar thionlacain. Ar deireadh, leis an gcoimhlint i sáinn, aontaíodh sos cogaidh ar 9 Iúil 1921, agus tháinig sé i bhfeidhm ar 11 Iúil.

Ó Shos Cogaidh go Conradh

Nuair a tháinig an Sos Cogaidh i bhfeidhm, thosaigh ionadaithe na Breataine agus na hÉireann cainteanna idirbheartaíochta ar son na síochána. Toisc gur fágadh cuid de Chúige Uladh amach, agus toisc stádas an stáit nua agus nádúr an chaidrimh leis an mBreatain, bhí constaic fhíorúil idir na hÉireannaigh agus muintir na Breataine, agus bhí easaontas idir na hÉireannaigh féin chomh maith. Ar deireadh, síníodh Conradh ar 6 Nollaig, 1921. I ndiaidh díospóireacht fhada agus fheargach sa Dáil, daingníodh é in Eanáir 1922 le 64 vóta in aghaidh 57. Tosaíodh ag aslonnú gnáth-thrúpaí na Breataine, Saighdiúirí Cúnta agus Dúchrónaigh díreach i ndiaidh díscaoileadh an R.I.C.. Bhí Dún Thor an Bhacaigh ina cheanncheathrú ag arm nua an tSaorstáit, agus faoi dheireadh mhí na Bealtaine bhí na Briotanaigh tar éis an chuid is mó de na beairicí agus na hionaid mhíleata a aslonnú.

Saorstát nó Poblacht?

I ndiaidh daingniú an Chonartha in Eanáir 1922 tharla troid eile idir na daoine a bhí i bhfabhar a fhorfheidhmiú agus iad siúd a bhí ina choinne. Bhí difríochtaí idé-eolaíocha, iomaíocht áitiúil agus naimhdeas pearsanta i gceist. Chuir ceist na críochdheighilte, géillsine chasta an I.R.A. agus an I.R.B., agus neamhchinnteacht faoi stádas na Dála nua agus an Rialtais Shealadaigh nua, go léir leis an mearbhall. De réir mar a thosaigh saighdiúirí a bhí dílis do thaobh amháin nó an taobh eile ag dul isteach i mbeairicí agus i bpoirt faire, rinneadh roinnt iarrachtaí chun réiteach a bhaint amach ach bhí an tír ag bogadh i dtreo cogadh cathartha. Bhris coimhlint mhór amach ag deireadh mhí an Mheithimh nuair a scaoil na fórsaí a bhí i bhfabhar an Chonartha pléascáin ar na Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath agus bhí orthu a ngarastún Poblachtach a ghéilleadh. Bhí na fórsaí Poblachtacha ba láidre sa deisceart agus san iarthar ach ghabh trúpaí an tSaorstáit Corcaigh, Port Láirge, Luimneach agus Caisleán an Bharraigh go luath agus chuir sé sin deireadh leis an ngnáthchogaíocht faoi dheireadh an fhómhair 1922. Idir an dá linn fuair Arthur Griffith agus Michael Collins bás, agus bhí beirt de na daoine is mó a raibh tionchar acu i gcúrsaí polaitiúla in Éirinn imithe.

Deireadh leis an gCogadh Cathartha

De réir mar a d’athraigh an choimhlint go treallchogaíocht, d’éirigh sé níos duáilcí agus níos anordúla. D’fhógair an dá champa cogaí bolscaireachta garga ina aghaidh a chéile agus sholáthair an dá thaobh tuairiscí cuimsitheacha ar ainghníomhartha an taoibh eile. Maraíodh príosúnaigh, caitheadh go míchothrom le cimí, lasadh tithe a bhí i bhfabhar na nAontachtaithe, scriosadh iarnróid agus droichid agus úsáideadh príosúnaigh chun mianaigh a ghlanadh, fuair díoltas agus bearta díoltais tús áite mar thoradh air sin. Go luath i mí na Nollag, mharaigh na Poblachtaigh Seán Hales, T.D. a bhí i bhfabhar an Chonartha. Mar bheart díoltais chuir an Saorstát ceathrar príosúnach Poblachtach, Rory O’Connor, Joseph McKelvey, Liam Mellows agus Dick Barrett, chun báis. Faoi dheireadh na coimhlinte, i mBealtaine 1923, bhí 77 duine curtha chun báis. Toisc easaontas idir na Poblachtaigh agus go háirithe idir na ceannairí polaitiúla agus míleata, bhí sé deacair orthu leanúint ag troid i gcoinne fhórsaí an tSaorstáit, a raibh airm níos fearr agus níos eagraithe acu. Ar deireadh, i mBealtaine 1923, tugadh an t-ordú chun deireadh a chur leis an naimhdeas agus airm a dhumpáil. Chuir sé seo deireadh le coimhlint a d’fhágfadh oidhreacht searbhais ina diaidh agus a rachadh i gcion ar chúrsaí polaitiúla in Éirinn ar feadh blianta fada ina dhiaidh.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo