Cúlra

Éire roimh an gCogadh Mór

Bhí Éire i staid réasúnta síochánta le linn an chéad deich mbliana den 20ú haois. D’éirigh go maith leis an bhfeachtas chun deireadh a chur le tiarnaí talún. Ba chosúil go raibh beartas an Rialtais de “Rialtas Dúchais a mharú le cneastacht” ag obair go maith. Ag an am céanna áfach, bhí eagraíochtaí nua ar nós Conradh na Gaeilge, an Cumann Lúthchleas Gael agus Sinn Féin, iad araon insíothlaithe ag Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, ag obair chun an chiall a bhaineann le bheith i do Éireannach a athmhíniú. Bheadh tionchar mór ag an bhfás i náisiúnachas cultúrtha agus eacnamaíoch, mar aon leis an Rialtas Dúchais a bheith ar ais chun tosaigh i gcúrsaí polaitiúla, ar ghnóthaí na hÉireann.

An Cúlra Míleata

Bunaíodh Óglaigh Uladh i 1912, agus Óglaigh na hÉireann an bhliain dar gcionn. In éineacht leis sin bhí gunnaí á dtabhairt i dtír ag an dá thaobh agus bhíothas ag ullmhú go ginearálta le haghaidh coimhlinte armtha. Thug bunú Óglaigh na hÉireann rochtain don I.R.A. ar chomhlacht míleata oscailte agus dleathach, a bhí fíorthábhachtach dóibh. Bunaíodh fórsa armtha eile, Arm Cathartha na hÉireann, mar fhreagairt ar ruathair gan idirdhealú a rinne póilíní le bataí ar oibrithe le linn na Stailce agus an Fhrithdhúnta i 1913. Bheadh ról tábhachtach ag an Arm Cathartha in eachtraí 1916.

An Chéad Chogadh Domhanda

Thug tús an Chéad Chogadh Domhanda i Meitheamh 1914 an deis ar a raibh glúin Fíníní ag feitheamh - mórchoimhlint idirnáisiúnta. Tharla Éirí Amach 1916 théis seasca bliain tóraíochta agus pleanála gan stad, a rinne gluaiseacht a tháinig slán ó bhriseadh, ó phríosúnacht, ó mhagadh agus ó cháineadh reiligiúnach.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo