An Cath

Tábhacht 1916

Ba ócáid sheamhnach é Éirí Amach 1916 i stair na hÉireann sa fichiú haois. D’fhéach na poblachtaigh air, ag an am agus ó shin i leith, mar throid ghlórmhar ar son na saoirse, céim mhór i dtreo neamhspleáchais. D’fhéach na haontachtaithe air mar ‘iarraidh sa droim’, tráth a raibh an Bhreatain i mbun cogaíochta. Chosain George Bernard Shaw é mar “troid chothrom ar gach slí ach amháin an mórchorrlach in aghaidh mo mhuintire”, ach cáineadh é san Irish Times mar “slad fuilteach”. Tá anailís déanta air ag lucht acadúil agus staraithe míleata, tá comóradh déanta air in amhráin agus i mbailéid, tá urraim tugtha dó agus athachtú déanta air. Cé go bhfuil easaontas maidir leis an tionchar agus na torthaí a bhí leis, is léir go bhfuil áit lárnach aige i stair na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Cúlra an Éirí Amach

Nuair a thosaigh an cogadh, thosaigh an I.R.B. ag pleanáil ceannairce. Chuaigh siad i dteagmháil leis an nGearmáin, dhaingnigh siad a smacht ar Óglaigh na hÉireann agus chuir siad feabhas ar a gcaidreamh leis an Arm Cathartha. Fuair siad gealltanas go gheobhaidís siad airm ón nGearmáin, agus in Eanáir 1916, shocraigh Ardchomhairle an I.R.B. an 23 Aibreán mar dháta don éirí amach. Athraíodh é seo go dtí an 24ú lá níos déanaí, agus rinneadh pleananna chun na hairm a fháil ón nGearmáin. Nuair a fuair cathaoirleach na nÓglach, Eoin Mac Neill, amach go raibh an éirí amach beartaithe thug sé freasordú i gcoinne na n-orduithe slógaidh, d’athraigh sé a intinn nuair a fuair sé amach faoi na hairm ón nGearmáin ach d’athraigh sé arís é nuair a chuala sé gur gabhadh iad. Bheartaigh Comhairle Mhíleata an I.R.B. dul ar aghaidh leis an éirí amach áfach, ar Luan Cásca, 24 Aibreán.

Tús na Ceannairce

I ndiaidh don long armlóin Gearmánach, an ‘Aud’, a bheith gafa, agus i ndiaidh do MacNeill an freasordú a thabhairt, níor tharla slógadh iomlán na nÓglach agus ní raibh mórán gníomhaíochta lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. I mBaile Átha Cliath, ar 24 Aibreán, ghabh fórsa 1,200 Óglach agus baill den Arm Cathartha lár na cathrach. Léadh Forógra na Poblachta ag Ard-Oifig an Phoist agus fógraíodh Poblacht na hÉireann, ar a raibh P. H. Mac Piarais ina Uachtarán. Shínigh Mac Piarais agus seisear eile an Forógra: Tomás Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada, Séamas Ó Conghaile, Tomás Mac Donnchadha, Éamonn Ceannt, Seosamh Pluincéad. Cuireadh garastúin ar bun ag na Ceithre Chúirt, Muileann Boland, Monarcha Jacob’s, Ceardchumann Bhaile Átha Cliath Theas, Coláiste na Máinlianna agus pointí straitéiseacha eile, ach theip ar na ceannaircigh Caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil, rud a chuir isteach go mór ar a gcuid pleananna.

Seachtain na Cásca

I ndiaidh forógra na saoirse ar Luan Cásca, bhí cúig lá trodaíochta ar na sráideanna de réir mar tháinig fórsaí na Breataine, le cabhair ó armlón a tugadh isteach ó Bhaile Átha Luain agus long gunnaí, an ‘Helga, ar an Life, mórthimpeall ar na garastúin éagsúla de réir a chéile agus scoith siad iad. Tharla cuid den trodaíocht ba mheasa ag Droichead Shráid an Mhóta mar anseo bhuail lucht athneartacha na Breataine, a bhí ag teacht ó Dhún Laoghaire, le fórsaí freasúra láidre. Tharla troid láidir lámh le lámh mórthimpeall na Ceithre Chúirt agus ar phoist eile chomh maith. Toisc gur theip ar na ceannaircigh Coláiste na Tríonóide ná Caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil thug sé seo deis do na Briotanaigh teacht idir poist taobh thuaidh agus taobh theas d’Abhainn na Life agus airtléire a thabhairt chuig Ard-Oifig an Phoist. Ar deireadh, ar an Satharn 29 Aibreán, nuair a bhí Ard-Oifig an Phoist trí thine agus lár na cathrach scriosta, thug Mac Piarais ordú géilleadh.

Daoine a Chur Chun Báis

Ar 28 Aibreán tháinig an Ginearál Maxwell go Baile Átha Cliath le bheith i gceannas ar fhórsaí na Breataine. I ndiaidh dóibh géilleadh, gabhadh na daoine a tháinig sláinte, chomh maith leis na mílte Óglach agus lucht tacaíochta ar fud na tíre. Cuireadh na ceannairí chun armchúirte gan mhoill agus gearradh breis agus nócha pianbhreith báis. Ar 3 Bealtaine, tosaíodh ag cur daoine chun báis nuair a mharaigh scuad lámhaigh Pádraig Mac Piarais, Tomás Mac Donnchadha agus Tomás Ó Cléirigh i bPríosún Chill Mhaighneann. Sna hocht lá ina dhiaidh sin, cuireadh dáréag eile chun báis, d’ainneoin mórán agóidí in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá. I measc na ndaoine a cuireadh chun báis bhí an seachtar a shínigh an forógra, mar aon le Con Colbert, Sean Heuston, Michael Mallin, Michael O’Hanrahan, William Pearse, Sean MacBride, Edward Daly agus, i gCorcaigh, Thomas Kent.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo