An Éigipt Ársa

Is éard atá sa bhailiúchán Éigipteach ná tuairim is 3,000 réad a dhátaíonn ón gClochaois anonn go dtí an Mheánaois. Fuarthas an chuid is mó díobh i dtochailtí a rinneadh san Éigipt idir na 1890í agus na 1920í. Tá na réada is fearr agus is tábhachtaí ar taispeáint chun buneolas a thabhairt ar an Éigipt Ársa.

Faoin mbliain 5000 RCh. bhí an fheirmeoireacht i réim i réigiúin éagsúla san Éigipt. Roimh 3200 RCh, bhí an ealaín fhoirmiúil agus an scríbhneoireacht iairiglifeach tagtha chun cinn, agus léiríonn na téacsanna is luaithe go raibh aon rí amháin i gceannas ar ‘Dhá Thalamh' comhaontaithe Ghleann na Níle agus na Deilte. Nasc ab ea Abhainn na Níle idir dhá chuid na ríochta, agus léirítear a tábhacht mar bhealach cumarsáide le macasamhail de bhád Níle, agus criú d’ochtar fear rámhaíochta ann, ó Beni Hasan, a théann siar go 1900 RCh.

D’úsáidtí script iairiglifeach d’inscríbhinní agus lámhscríbhinní naofa go dtí an tiontú ar an gCríostaíocht sa cheathrú haois AD. Cé go raibh sé achrannach chun teangacha eile a scríobh, bhí sé an-éifeachtúil don Éigiptis ina raibh iliomad grúpaí focal le fuaimeanna a bhí an-chosúil le chéile. Is é prionsabal na scripte gur féidir le comharthaí seasamh do réada, do choincheapa nó d’fhuaimeanna. Cuidíonn inscríbhinn iairiglifeach linn ciall a bhaint as ceann de na réada is tábhachtaí sa taispeántas, bord ofrála eibhir dearg a bhain le Rí Senwosret III, a bhí ina rí ó 1874 nó mar sin anonn go 1855 RCh.

Bhí raidhse acmhainní nádúrtha ag an Éigipt, cosúil le clocha crua agus boga agus mianraí éagsúla. Ba é copair an mianra is mó a bhíodh in úsáid anonn go tús na Ríochta Nua tuairim is 1550 RCh., nuair a bhí fáil níos leithne ar chré-umha stáin. Tháinig ór agus raidhse de chlocha scothlómhara daite ó na fásaigh san oirthear. Bhí na seodra a chaitheadh fir agus mná déanta d’airgead, a d’allmhairítí ó limistéar na Gréige agus na Tuirce mar atá inniu, agus lapis lazuli a tháinig ón Áis Láir. D’athraigh na hábhair agus na stíleanna a bhí in úsáid le himeacht ama agus tháinig nuálaíochtaí móra ar an saol i rith Ré na Ríochta Nua, c. 1550 - 1069 RCh. Rinneadh aithris ar chlocha leathlómhara i bhfaensa daite agus i dtaos gloine. Tá raon mór suntasach de sheodra sa taispeántas déanta as raidhse ábhar, lena n-áirítear ór, cailcít, coirnéilean, aimitis, faensa, sliogáin agus cnámha.

Fuarthas soithí le haghaidh cosmaidí, pailéad, agus meilteoir chun línitheoir súl a ullmhú agus soithí chun é a stóráil, chomh maith le pionsúirín cré-umha, scátháin agus rásúr, a léiríonn go raibh tábhacht ag baint le dealramh pearsanta an duine i measc na nÉigipteach ársa. D’úsáidtí olaí cumhraithe, a fuarthas ó chrainn áitiúla nó a d’allmhairítí ón Áis, ar an gcorp, ach ba í an chosmaid ba mhó a bhíodh in úsáid ag fir agus mná ná línitheoir súl. Faightear soithí cosmaidí go minic in adhlacthaí, rud a léiríonn an tábhacht a bhain leo sa saol seo agus sa chéad saol eile.

Bhí creideamh na nÉigipteach bunaithe ar dhia na Gréine, Ra, foinse na beatha. Ag nóiméad na cruthaitheachta, roinneadh a fhoirm bhunaidh, Atum – ‘gach ábhar’ – i gcodanna éagsúla na cruinne. Bhain na déithe agus na bandéithe le heilimintí leathana an domhain seo (mar shampla, Nut, bandia na spéire) nó le gaolmhaireachtaí laistigh de (cosúil le bandia an leighis, Isis, Sekhmet, bandia na feirge, agus Határ, bandia an ghrá). I ngach teampall bhíodh íomhá a bhí ina chorp domhanda le haghaidh spiorad an dé. I measc na n-íomhánna atá ar taispeáint tá pictiúir de Óisíris, rí na marbh, Isis, Bandia an leighis agus a mac, Hóras.

Bhí an creideamh i saol eile i ndiaidh an bháis bunaithe ar Óisíris, rí na marbh, agus Ra, dia na gréine. Mhair na mairbh go slán sábháilte in éineacht le hÓisíris sa domhan thíos ionas go bhféadfadh a spiorad taisteal go síoraí tríd an spéir in éineacht le Ra. Bhí marthanas ag brath ar an gcorpán agus an spiorad a bheith aontaithe agus an corpán a choinneáil slán ar talamh. Le stop a chur le lobhadh an chorpáin, d’fhorbair na hÉigiptigh mumaíocht a tugadh chun foirfeachta faoi 1000 RCh. Tar éis na mumaíochta chuirtí ungadh ar an gcorpán, líontaí é agus chuirtí sraitheanna de línéadach timpeall air. Léiríonn mumaí agus cónra na mná Tentdinebu ealaín adhlacóirí na hÉigipte ag a buaicphointe, sa Téibh i rith na chéad mhílaoise RCh. Tá mumaí agus cónraí ó thréimhse níos déanaí ar taispeáint chomh maith, lena n-áirítear cónra ó Hawara, a dhátaíonn ón dara haois AD agus ar a bhfuil pictiúr réadúil den bhean óg a fuair bás. Ar taispeáint chomh maith tá mumaithe de chait agus d’íbisí a bhíodh in éineacht leis na mairbh. Sna tuamaí bhí spás chun na corpáin chaomhnaithe a stóráil agus chun ofrálacha a dhéanamh chuig na mairbh. I dtréimhsí éagsúla, chuirtí saghsanna éagsúla réad sa seomra adhlactha taobh leis an gcónra d’fhonn rathúlacht sa chéad saol eile a chinntiú. Ón Meánríocht dhéanach anonn go dtí ré na dTolamaesach, c.1850 - 300 RCh., chuirtí deilbhíní den duine a cailleadh ar a dtugtaí shabtis sna hadhlacthaí agus ba iadsan a dhéanfadh aon obair láimhe a bheadh ag teastáil ón té a cailleadh sa domhan thíos. Tá roinnt samplaí déanta d’adhmad, de chriadóireacht, de chloch agus d'fhaensa sa taispeántas seo.

Sa bhliain 332 RCh. threascair Alastar Mór an Éigipt, a bhí ina cúige de chuid Impireacht na Peirse ag an am, agus nuair a cailleadh é, ba é an Ginearál Tolamaes a tháinig i gcomharba air mar rialaitheoir na hÉigipte sa bhliain 305 RCh. Cúirt nua i gcathair nua Alastair a labhair Gréigis a bhí anois i gceannas ar an tír. De réir a chéile sháraigh an cultúr Gréagach scríobh, éadaí agus seodra na bhFarónna. Neartaíodh an t-athrú seo nuair a tháinig na Rómhánaigh i réim nuair a cuireadh Cléópátra faoi chois agus nuair a chuir sí lámh ina bás féin sa bhliain 30 RCh. Faoi cheann an tríú chéid AD bhí an saol san Éigipt ar aon dul nach mór leis an saol sna cúigí oirthearacha Rómhánacha eile. Minic go leor ní dhéanadh balsamóirí in Éigipt na Rómhánach jab ró-iontach ar na corpáin mhumaithe ach sholáthair mír chinn idéalaithe íomhá shíoraí den duine marbh i stíl na bhFarónna nó i stíl na Meánmhara. I limistéar Fayum, chuirtí portráid sa stíl Rómhánach, péinteáilte ar adhmad, isteach sna clúdaigh ar roinnt mhaith mumaithe.

 
Sa Taispeántas Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo