Rogha an Choimeádaí

Toisc go gcreidtear go n-insíonn gach déantán a scéal féin, nó cúpla scéal, agus go dtugann siad cuntas ar an stair ar an gcaoi seo, iarradh ar na coimeádaithe réad a raibh suim acu féin ann a roghnú don taispeántas. Léiríonn cuid den chúig mhír is fiche a roghnaíodh clochmhílte tábhachtacha sa stair pholaitiúil agus mhíleata, agus léiríonn cuid eile slite beatha agus piseoga ár sinsear.

Is é an chéad rud a fheiceann tú agus tú ag teacht isteach sa ghailearaí ná dealbh darach snoite de Naomh Molaise ón 13ú haois nó ón 14ú haois luath. Ba chóir go mbeadh lámh amháin ardaithe ag an Naomh seo ón 6ú haois a bhunaigh mainistir ar Inis Muirígh, Co. Shligigh chun beannacht a thabhairt. Dar leis an stair áitiúil bhain fir Chromail an dá lámh den dealbh. Tugadh ómós don dealbh seo i séipéal ar an oileán ar feadh na gcéadta bliain, bhí sé ina fhócas lárnach d’oilithreacht bhliantúil ann. Aistríodh é chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann chun é a choinneáil slán nuair a d'fhág na daoine deireanacha an t-oileán sa bhliain 1948.

In aice láimhe tá cófra a thugann léargas difriúil ar Chromail. Ba é seo an bronntanas pósta a thug Oilibhéar Cromail dá iníon Bridget nuair a phós sí Charles Fleetwood, saighdiúir a bhfuil cuimhne air de bharr chomh míthrócaireach agus a d’aistrigh sé Éireannaigh díshealbhaithe ón mbliain 1653 go 1654. Nuair a bhíonn an cófra dúnta léiríonn sé simplíocht Phiúratánach a aoise siúd. Nuair a bhíonn an cófra ar oscailt léiríonn sé meas ar mhaoin agus ar fhoghlaim, deirtear go léiríonn na pictiúir earótacha radhairc ó Mheiteamorfóis Ovid.

Pearsa cáiliúil eile a léirítear ar an ábhar cuimhneacháin seo is ea Rí Shasana, Liam III. Thug sé roinnt nithe pearsanta, lena n-áirítear deacantar greanta, do John Dillon ó Lios an Mhuilinn, Co. na Mí, mar chomhartha buíochais as an bhfáilte a cuireadh roimhe tar éis chogadh na Bóinne. Léiríonn an bronntanas breá seo an caighdeán a bhí á bhaint amach go gairid tar éis do ghloine luaidhe teacht ar an saol. Léiríonn sé chomh maith go raibh na ceannairí míleata ag súil le sócúlacht an bhaile fiú agus iad i mbun feachtais mhíleata.

Thug a chomhthírigh ómós don pholaiteoir náisiúnach William Smith O’Brien, a cuireadh chuig an Tasmáin toisc an pháirt a ghlac sé in Éirí Amach 1848, nuair a tugadh pardún dó sé bliana níos déanaí. Coimisiúnaíodh cupán bronnta déanta d'ór 24ct ó William Hackett, gabha óir ó Bhaile Átha Cliath a bhí ina chónaí ag an am sin i Melbourne. Tá an cupán maisithe le siombailí Éireannacha agus Astrálacha, agus léiríonn an cheannchríoch Hibernia ag iompar caipín na saoirse ag corónú Smith O’Brien le fleasc labhrais. Toisc gur thuig sé an íobairt a rinne a chomhthírigh agus siombalachas an chupáin, bhronn Smith O’Brien é ar Acadamh Ríoga na hÉireann chun go gcaomhnófaí é don dream a thiocfadh ina dhiaidh.

I gcontrárthacht leis sin tá an chloch taobh leis greanta le siombailí de Pháis Chríost. Leis na céadta bliain agus i gcomhthéacs idirnáisiúnta, rinne idir bhocht agus shaibhir dianmhachnamh ar na siombailí seo. De réir an traidisiúin fuarthas an chloch seo a snoíodh go háitiúil i seomra beag a bhí dúnta suas i gCnoc an Línsigh, Co. na Mí. Tá an dáta 1740 air agus ceaptar gur cloch altóra é a úsáideadh i rith thréimhse na bpéindlíthe, nuair a bhíodh an tAifreann á rá i dtithe dá leithéid agus ar charraigeacha Aifrinn. Is contrárthacht eile é Vása Fonthill a bhfuil tábhacht ollmhór idirnáisiúnta ag gabháil leis. Is vása de phoirceallán na Ceileadóine é a rinneadh tuairim is 1300 AD. Nuair a tugadh an vása chuig an Eoraip go luath ina dhiaidh sin, caitheadh leis amhail is gur cloch scothlómhar a bhí ann agus sin é an fáth go raibh gléas airgeadaithe ar an vása. Toisc nach raibh sé de chumas ag Eorpaigh poirceallán a dhéanamh go dtí ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin, caitheadh go cúramach le hábhar dá leithéid. Tá an vása seo ar cheann de na píosaí poircealláin Sínigh is mó dá taifeadadh riamh, taifeadadh é trí na céadta bliain i mbailiúcháin Louis Mór ón Ungáir, Séarlas III ó Durazzo, Dauphin na Fraince agus William Beckford ó Mhainistir Fonthill. Níor aithníodh an vása toisc gur baineadh an gléasadh de sa 19ú haois agus cheannaigh an músaem seo an vása ag ceant sa bhliain 1882 ar tuairim is £28.

 
Sa Taispeántas Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo