Sonraí na dTaispeántas

An Méid a Bhain na Proinsiasaigh Amach: Miotalóireacht Naofa in Éirinn, 1600-1750. Rinneadh an taispeántas seo a phleanáil agus a ullmhú le go mbeadh sé ar siúl ag an am céanna leis an gcomóradh ceithre chéad bliain ar bhunú Choláiste Proinsiasacha oirirce ag Lováin i 1607, a bhí mar Ísiltír na Spáinne ag an am, nó an Bheilg anois. Is í an aidhm atá aige ná comóradh a dhéanamh ar shaothar an Oird Phroinsiasaigh in Éirinn le linn na tréimhse atá i gceist. Tá airgead reiligiúnach agus ábhar eile ann ó roinnt de na tithe Proinsiasacha, agus iad ar taispeáint le chéile den chéad uair. Dar ndóigh, ní raibh a lán de na píosaí ar taispeáint go poiblí riamh cheana. D’oscail an taispeántas ag an Ard-Mhúsaem, Dún Uí Choileáin, i dtús mhí na Samhna 2007 agus fanfaidh sé ann go dtí mí na Samhna 2008.

Sula bhféachaimid ar ábhar an taispeántais féin caithfimid féachaint ar a chomhthéacs stairiúil. Bunaíodh an tOrd Proinsiasach in Éirinn i gcéad leath an tríú haois déag. Scaip sé go tapa, go háirithe sna codanna d’Éirinn a bhí faoi smacht na Normannach. Ar feadh tréimhse fada bhraith na Proinsiasaigh na teannais chéanna idir na hÉireannaigh agus na Normannaigh agus a bhí le feiceáil in oird agus sa bhunaíocht eaglasta i gcoitinne. Faoi lár an cúigiú haois déag áfach, bhí an lámh in airde faighte ag na hÉireannaigh. Bhí ról mór ag an ord ó thaobh dul i gcoinne an Reifirméisin in Éirinn agus d’fhulaing sé dá bharr, sochtadh mórán dá thithe agus caitheadh amach a bhaill. Lean siad ag freastal ar a bpobail le linn na ngéarleanúintí tréimhsiúla sa seachtú agus san ochtú haois déag agus lean an lucht talún Caitliceach ag tabhairt tacaíochta agus pátrúnacht dóibh go dtí gur scriosadh go hiomlán iad, beagnach, trí choigistiú agus trí phlandálacha.

Bhí ról tábhachtach ag na Proinsiasaigh chomh maith in áiseanna oideachais a sholáthar do Chaitlicigh Éireannacha san Eoraip. Bhunaigh siad an Coláiste Éireannach i Lováin i 1607 agus St. Isidores, sa Róimh, i 1625. Ina dhiaidh sin bunaíodh roinnt coláistí eile in áiteanna ar fud na hEorpa, Páras agus Prág ina measc. Ba é Luke Wadding, scoláire agus staraí, príomhspreagthóir na gluaiseachta seo. Ní hamháin gur ullmhaigh na coláistí Proinsiasacha daoine don saol reiligiúnach agus gur thug siad oideachas dóibh ach bhí páirt thábhachtach acu i gcaomhnú na Gaeilge, chomh maith le stair agus cultúr na hÉireann, a bhí faoi bhrú mór in Éirinn ag an am sin.

Féachann an taispeántas ar stair na bProinsiasach agus a dtithe le linn tréimhse suaite an seachtú haois déag agus le linn na bPéindlíthe i dtús an ochtú haois déag. Déanann sé é seo go príomha trí mheán an airgid reiligiúnaigh, na gcailísí, na n-oisteansóirí, na gcrosa mórshiúlacha agus trí mhíreanna reiligiúnacha eile ar tugadh cosaint agus ómós dóibh le linn mórathrú agus neamhchinnteacht na tréimhse sin. Tháinig méid suntasach airgid reiligiúnaigh slán agus níl sna réada a roghnaíodh don taispeántas ach sampla ionadaíoch den ábhar atá ar marthain. Ceann de na taispeántáin is luaithe agus is tábhachtaí ná cros mórshiúlach, c.1500AD, ó Mhuilte Farannáin i gContae na hIarmhaí, ceann de na mainistreacha Proinsiasacha is tábhachtaí. Tá cailís álainn Malachy O’Queely ón teach céanna agus ón mbliain 1640, ina cuid den taispeántas chomh maith. Maraíodh O’Queally, Ardeaspag Thuama i 1645, i scirmis le fórsaí Chúnantóirí na hAlban i Sligeach. Tá cailísí agus oisteansóirí ó thithe Proinsiasacha i gCluain Meala, i nGaillimh, i Luimneach, i mBaile Átha Cliath, i Ros Neamhlach agus i mBaile Átha Luain agus cuach altóra álainn ó Chorcaigh a dhátaíonn ó 1614 ann chomh maith. Is dócha gurb é an réad is iontaí ná cailís Boetius Egan, a rinneadh d’Easpag Ail Finn i 1634.

Mar is gnáth le hairgead reiligiúnach Caitliceach Rómhánach ón tréimhse seo, níl sainmharc ar an gcuid is mó de na cailísí sin ach tá ainm an phátrúin agus an dáta inscríofa orthu. I gcásanna áirithe scríobhtar orthu go bhfuil siad ‘d’úsáid’ mainistir, séipéal nó tréadaí ar leith. Mar sin tá siad ina bhfoinsí luachmhara faisnéise, ina ndoiciméid stairiúla ar shlí, agus baineann tábhacht bhreise leo chomh maith lena dtábhacht reiligiúnach nó stíle.

Ní réada airgid iad na réada ar fad. Tá cailísí péatair ag roinnt mainistreacha agus tithe, agus tagann mórán díobh ón ochtú haois déag luath, ag léiriú bochtaineacht na bProinsiasach agus na n-ord reiligiúnach Caitliceach Rómhánach eile sa tréimhse ghruama i ndiaidh Chogadh an Dá Rí.

Tugann an taispeántas léargas dúinn ar shaol dorcha ina raibh caidrimh éagsúla idir na hoird reiligiúnacha Chaitliceacha agus an stát, ní hamháin gach deich mbliana, ach ó thír go tír chomh maith. I gcás na bProinsiasach, cabhraíonn sé má fhéachtar ar a raon geografach agus ar a ghníomhaíochtaí reiligiúnacha mar cheann de na hoird reiligiúnacha Chaitliceacha is tiomanta agus is seasmhaí ar domhan. Agus an rud is tábhachtaí ar fad, tugann an taispeántas cnuasach ábhar le chéile don phobal, cé go bhfuil sé ar bhonn sealadach, nár scaipeadh ná nár cuireadh ar taispeáint don phobal riamh cheana.

 
Sa Taispeántas Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo