Troscán Seanré na hÉireann

Sa taispeántas tá bord altóra ollásach luath déanta as dair, a meastar a shnoigh James Tarbary sa bhliain 1686 don séipéal in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Tá contrárthacht mhór aici le simplíocht an chófra darach a bhí ag Corparáid nó Gild na nDéantóirí Feilte i mBaile Átha Cliath, dátaithe 1673.

Tá cáil ar Éirinn as na stíleanna sainiúla de throscán mahagaine a rinneadh tuairim is lár an 18ú haois déag. Is stíleanna éagsúla atá ar taispeáint le chéile iad an bord seilge Éireannach simplí i gcodarsnacht le fíneáltacht na gcos snoite agus na gcos trípháirteach ar an mbord airgid. I ngiorracht di sin tá bord cártaí le fríos snoite le muirín, le scrollaí agus bláthanna agus le cosa scrollaithe, arbh fhéidir a chur i gcomparáid le bord ailtire a bhfuil go leor snoíodóireachta air agus cosa móra lapaí.

Faoi dheireadh an 18ú haois, nuair a lean troscán na hÉireann faisin Londain go dlúth, d’fhorbair caibinéadairí cosúil le William Moore (a bhí ar printíseacht i Londain le gnólacht Mayhew agus Ince) a chuid stíleanna sainiúla féin. Léiríonn píosaí ón 19ú haois a rinne caibinéadairí i mBaile Átha Cliath, i Luimneach agus i gCill Chainnigh conas a lean siad, ar a mbealach féin, stíleanna a bhí faiseanta ag an am. Léiríonn an obair chasta iontlaise ó Chill Airne ó thart ar na 1840í, agus obair phiocaire Bhéal Feirste, go raibh roinnt ionad tar éis teacht chun cinn do shainmhargaí custaiméirí cosúil leis na turasóirí.

Tagann deireadh leis an ngailearaí, a cheiliúrann déantús troscáin in Éirinn ón 17ú haois anonn, le píosa iontach a rinne James Hicks, Baile Átha Cliath, de shróladhmad go déanach sa 19ú haois nó go luath sa 20ú haois agus le troscán feadánach a dhear an t-ailtire Raymond McGrath go luath sa bhliain 1939 do cheannáras BBC i Londain. In éineacht leis sin tá píosaí comhaimseartha a rinne cuid de na dearthóirí troscáin is mó éilimh in Éirinn.

Ar taispeáint sa limistéar seo freisin tá Teach Bábóg Domville, a thug an tUasal M. agus an tUasal G. Domville ó Bhaile Uí Lachnáin, Co. Bhaile Átha Cliath, don mhúsaem. Cé go mbaineann an teach féin le thart ar 1851, choimisiúnaigh an músaem an troscán sa bhliain 1901 ón ‘Cushendall Toy-Making Industry’ i gCo. Aontroma. Tháirg an tionscal seo an miontroscán i stíleanna Sheraton, Hepplewhite, Chippendale agus Adam. Ba í Mabel Hurse as Raghnallach i mBaile Átha Cliath a choimisiúnaigh na mionphictiúir, mar mhionchóipeanna de phictiúir i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

 
Sa Taispeántas Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo