Ríogacht agus Íobairt

Is éard atá sa taispeántas, Ríogacht agus Íobairt, ná toradh thaisí Thionscadal Taighde ar Chorpáin Phortaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bunaíodh in 2003 i ndiaidh dóibh dhá chorpán ón Iarannaois a fháil i bportaigh i gCruachán, Co. Uíbh Fhailí agus i gCluain Uí Chaomháin, Co. na Mí. Dátaíodh na hiarsmaí don tréimhse idir thart ar 400 RCh. agus 200 RCh. agus bhí siad caomhnaithe go han-mhaith ar fad. Rinne an Tionscadal Taighde ar Chorpáin Phortaigh imscrúdú agus doiciméadú ar na hiarsmaí daonna a bhí i gceist le foireann ildisciplíneach saineolaithe idirnáisiúnta. D’oibrigh cúigear saineolaithe is fiche, a raibh taithí fhairsing ag an gcuid is mó díobh ar thaighde ar chorpáin phortaigh, i gcomhar le foireann ó Roinn na Seaniarsmaí Éireannacha agus ó Roinn Caomhnaithe an Ard-Mhúsaeim. Rinneadh anailísí éagsúla, ina measc: scanadh CT agus MRI; anailís phailéachothaithe; méarlorgaireacht; anailís histeolaíoch; agus anailís phaiteolaíoch.

Tugann an taispeántas forbhreathnú ginearálta ar na hanailísí agus ar a dtábhacht agus déanann sé na taisí a lonnú i gcomhthéacs Eorpach níos leithne. Tugtar faisnéis faoi chorpáin phortaigh ón Iarannaois a fuarthas sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Ísiltír agus i Sasana. Tá dhá chorpán portaigh Éireannach eile faoi thrácht chomh maith a thagann ó bhailiúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann - Fear Ghallach, Co. na Gaillimhe agus Fear Bhaile an Bharúnaigh Thiar, Co. Chill Dara. Déantar iniúchadh agus léiriú ar thábhacht seandálaíochta na gcorpán portaigh ar fud an taispeántais.

Tá an taispeántas bunaithe ar theoiric nua a nascann íobairt dhaonna le deasghnátha flaithis agus ríogachta le linn na hIarannaoise. Léirigh taighde go raibh na nithe seo a leanas san áireamh ar na hábhair eile a bhain leis na deasghnátha seo: míreanna a bhaineann le mórshiúl eachrach; airm; uirlisí féile; rianairí teorann; míreanna a bhaineann le harbhar agus bainne a tháirgeadh, ar nós brónna agus taiscí ime ar a dtugtaí ‘im portaigh’. I gcatagóir na nithe ríoga tá ceannbhearta adharcacha, ar nós an Petrie Crown mar a tugtaí air, agus dhá adharc ó cheannbheart comhchosúil ó phortach i Roinn na Beithe, Co. Ros Comáin. Tá dhá mhuince óir ann ó Phortach Ard na gClog, Co. Ros Comáin, chomh maith le cába craicne ó phortach i nDoire Caocháin, Co. Aontroma, muince dhóide ó Bhaile Uí Mhatháin, Co. na Mí agus trí phionna ó Abhainn na Sionainne. Tá macasamhail den chlóca leathair a chaith Fear Bhaile an Bharúnaigh Thiar ar taispeáint chomh maith.

I measc na réada a bhaineann le mórshiúl ar muin capaill nó i bhfeithiclí ar rothaí tá: béalbhacha agus píosaí treoracha ó phortach ag Áth Tíomáin, Co. na Gaillimhe; agus cuing adhmaid ó phortach ag Oireamh, Co. Mhaigh Eo. I measc na n-arm tá: sciath leathair ó Clonura, Co. Thiobraid Árann; claíomh adhmaid ó Bhaile Mhic Giolla Mhuire, Co. Chill Mhantáin; bunanna sleá ó Lios an Chrochaire, Co. Aontroma agus Abhainn na Sionainne ag Beannchar, Co. Uíbh Fhailí; agus ceann sleá ó Bhaile an Rútaigh, Co. Lú. I measc na n-uirlisí féasta tá: coire mór cré-umha ó Bhaile Éamainn, Co. na Gaillimhe; cupán ólacháin ó Cheis Charraigín, Co. Liatroma; agus babhlaí adhmaid ó Mhachaire Rann, Co. Dónallán agus an tImleach Mór, Co. Ros Comáin.

Is cosúil go raibh snoí adhmaid antrapamorfach ar nós na gceann ó Ráth Lachan, Co. an Chabháin agus ón gCorr Liath, Co. an Longfoirt ina rianairí teorann. Tá soitheach adhmaid ar taispeáint chomh maith ina raibh ofrálacha ime móideacha móra. Fuarthas é seo i bportach ag Ros Beirigh, Co. Chill Dara, an portach céanna ina bhfuarthas iarsmaí Fhear Bhaile an Bharúnaigh Thiar.

Is cosúil gur bhain gach ceann de na réada seo le hoirniú rí nua, agus gur cuireadh iad i limistéir teorann mar léiriú agus sainmhíniú ar fhlaitheas nua an rí. Tá macasamhail de shoitheach airgid mór a fuarthas i bportach sa Danmhairg ar a dtugtar Coire Gundestrup sa taispeántas chomh maith. Léiríonn an taobh amuigh den choire íomhánna de dhéithe Ceilteacha, agus léiríonn painéil ar an taobh istigh radhairc is féidir a aithint mar dheasghnátha ríogachta agus flaithis. Cuimsíonn na híomhánna seo roinnt tagairtí d’íobairt dhaonna.


 
Sa Taispeántas Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo