Éire na Meánaoise 1150 - 1550
Díríonn an taispeántas seo ar an Meánaois dhéanach in Éirinn, tréimhse inar tharla dhá phróiseas eaglasta – gluaiseacht leasaithe na hEaglaise ó lár an 12ú haois agus an Reifirméisean i lár an 16ú haois. Is í seo an tréimhse a ndearna na Sasanaigh ionradh agus leathchoilíniú in Éirinn. D’fhág an t-ionradh go raibh dhá chultúr ar an oileán, agus a dteanga, a ndlíthe, a gcóras sóisialta agus a gcóras talmhaíochta féin ag gach ceann acu. As sin fáisceadh cultúr croschineálach Angla-Éireannach i rith na Meánaoise déanaí. Ar bhonn níos leithne, léiríonn cuid mhaith den ábhar atá ar taispeáint stíleanna beatha, ceirdeanna, agus gníomhaíochtaí a bhí i bpáirt ag mórchuid den Eoraip sa Mheánaois.
De réir léargais chomhaimseartha ar shochaí mheánaoiseach na hEorpa bhí sí roinnte ina trí chuid – bellatores (laochra), oratores (lucht urnaithe) agus laboratores (lucht oibre). Cé nach dtugann a leithéid de scéim cur síos cuimsitheach ar chastacht shochaí mheánaoiseach na hÉireann, is teimpléad úsáideach é don taispeántas, atá roinnte i dtrí ghailearaí, dar teideal Cumhacht, Urnaí agus Obair.