Ón Stór

Tá sí mar aidhm ag an ngailearaí dhá stór, eispéiris ar ‘chúl an tí' de stóras an mhúsaeim a chruthú agus ar an gcaoi sin léargas a thabhairt ar éagsúlacht bhailiúcháin an mhúsaeim agus ar na deacrachtaí lóistíochúla a bhaineann le stóras. Athraíonn an soilsiú go mall chun gluaiseacht a chur in iúl sa spás mór seo agus chun an cuairteoir a spreagadh chun dul ó thaispeántas amháin go ceann eile. Roghnaíodh na cúig chéad píosa chun beartais bhailiúcháin an mhúsaeim seo thar na blianta a léiriú:

 
Bunús Ard-Mhúsaem na hÉireann

Léirítear stair an Mhúsaeim féin agus na músaem a tháinig roimhe ar phainéil ghrafacha sa ghailearaí ‘Ón Stór’ agus ar an siúlán os cionn limistéar fáiltithe an Mhúsaeim.

Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath

Bunaíodh é ar dtús mar Chumann Bhaile Átha Cliath (1731) chun riar, déantúsaíocht agus ealaíona úsáideacha eile a spreagadh, ba chuige sin a bailíodh innealra nua-aimseartha talmhaíochta agus tionsclaíochta ar dtús.

Acadamh Ríoga na hÉireann

Bunaíodh an tAcadamh sa bhliain 1785 chun an ghlaneolaíocht, an stair, seaniarsmaí agus an litríocht a chur chun cinn. Dhírigh Acadamh Ríoga na hÉireann ar sheaniarsmaí Éireannacha a bhailiú, agus tá mórchuid díobh siúd ar taispeáint anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht ar Shráid Chill Dara.

Músaem Tionscalaíochta na hÉireann

Cé gur bunaíodh é in 1845 mar Mhúsaem Geolaíochta Eacnamúla, ba ghearr gur athraigh an chéad stiúrthóir a bhí ar an músaem sin, Sir Robert Kane, aidhm an mhúsaeim le Músaem Tionscalaíochta na hÉireann agus Scoil Eolaíochta an Rialtais a dhéanamh de.

Músaem na hEolaíochta agus na hEalaíne, Baile Átha Cliath

Sa bhliain 1877, rith an rialtas Acht Parlaiminte chun músaem nua a bhunú i mBaile Átha Cliath, ag súil ‘go mbainfeadh muintir na hÉireann lánbhuntáiste as an deis feabhas a chur ar shaothrú na n-ealaíon tionsclaíoch agus maisiúil’.

An Músaem Náisiúnta Eolaíochta agus Ealaíne

Ag eascairt as achtú an Agriculture & Technical Instruction (Ireland) Act sa bhliain 1899, d’aistrigh freagracht an mhúsaeim chuig an roinn rialtais céanna sin i mBaile Átha Cliath.

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tharla athruithe ollmhóra polaitiúla in Éirinn sa tréimhse 1914 - 1924. Thacaigh roinnt d’fhoireann an mhúsaeim leo siúd a throid sa Chéad Chogadh Domhanda agus thacaigh daoine eile cosúil leis an Stiúrthóir, an Cunta G.N. Plunkett agus an Coimeádaí Liam S. Ó Gógáin le hÉirí Amach 1916, agus cuireadh sa phríosún iad ina dhiaidh sin.

Sa Taispeántas Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo