Sonraí na dTaispeántas

Rómánsaíocht agus Réadúlacht

Is minic a dhéantar léiriú ar shaol na tuaithe in Éirinn ar bhealach rómánsúil.

Chuir an iliomad ealaíontóir muintir na tuaithe agus na n-oileán in iúl mar laochra, daoine soineanta síoraí, a raibh modh maireachtála glan nádúrtha, mealltach á chaitheamh acu. Suas go dtínár linn féin, chothaigh cártaí poist agus póstaeir do thurasóirí íomhá idéalach de shaol síochánta agus taitneamhach ar fheirmeacha beaga na hÉireann. Chothaigh scannáin cosúil le Man of Aran agus The Quiet Man an nóisean go raibh saol ideálach nó laochúil tuaithe ann in Éirinn. I ndáiríre, áfach, bhí an obair crua, an bia go dona agus bhásaigh go leor daoine ó ghalair cosúil le heitinn. Ní raibh an saol simplí ar chor ar bith - theastaigh grinn-eolas agus scileanna ar leith ó dhaoine le maireachtáil. Mar sin féin, bhí compord a dteaghlach agus a gcairde acu, chomh maith leis na pléisiúir thraidisiúnta a bhain le scéalaíocht agus ceol. Tá réimse íomhánna ealaíonta ann chomh maith leis na grianghraif, a chabhraíonn chun léiriú a thabhairt dúinn ar an saol in Éirinn i ndáiríre – saol a bhí crua ar chuid mhaith ach go maith ag daoine eile.

Leanúnachas an Traidisiúin

Sa saol nua-aimseartha, níl aon rud buan ach an t-athrú. Mhair modh maireachtála traidisiúnta na hÉireann thar na céadta bliain, áfach, agus mhair sé go maith isteach san 20ú hAois. Le linn na tréimhse seo, is beag athrú a tháinig ar chuid de na réada a úsáideadh in Éirinn. D’oibrigh siad go maith agus bhí siad déanta as ábhar a bhí ar fáil go héasca; mar sin ní raibh mórán gá a ndearadh a athrú. Sa taispeántas, tá réada a rinneadh agus a úsáideadh san 20ú hAois faoin tuath in Éirinn, cosúil le meáchain iascaireachta agus lanna spáide, atá cosúil le cuid a rinneadh fadó riamh.

Bailiúchán Saol na Tuaithe in Éirinn

Léiríonn an taispeántas seo bunús an bhailiúcháin déantáin ón traidisiún tíre a rinne Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Faoi bhlianta deireanacha na 1920í bhí Stát nua na hÉireann ag tabhairt tacaíochta d’iarrachtaí chun béaloideas na hÉireann a thaifeadadh agus a bhailiú. Bhain na hiarrachtaí seo cuid mhór le hathbheochan na teanga agus ba í an bhuaic ná bunú Choimisiún Béaloideasa Éireann sa bhliain 1935. Bhí roinnt mhaith de bhailitheoirí an Choimisiúin an-ghníomhach ag bailiú earraí traidisiúnta, a tugadh d’Ard-Mhúsaem na hÉireann. I 1937 osclaíodh an chéad taispeántas sealadach ar Shaol na Tuaithe le cabhair ó Choimisiún Béaloideasa Éireann.

Níor chuir Ard-Mhúsaem na hÉireann tús i ndáiríre le bailiú ábhair a bhain le Saol na Tuaithe go dtí gur ceapadh A.T. (Tony) Lucas sa bhliain 1949 i Rannóg Seaniarsmaí na hÉireann, agus cúram faoi leith aige ábhar a bhain le Saol na Tuaithe a bhailiú. Cuireadh tús ansin le dian-thréimhse bailiúcháin a mhair ar feadh roinnt blianta. Ceapadh tuilleadh foirne le obair a dhéanamh i saol na tuaithe sna 1960í agus sna 1970í agus bunaíodh Rannóg Shaol Tuaithe na hÉireann go foirmiúil sa bhliain 1974.

Saol na Tuaithe agus Béaloideas

Cuireann an taispeántas seo coincheapa a bhaineann le Saol na Tuaithe agus Béaloideas in aithne dúinn.

Láimhseálann Saol na Tuaithe na gnéithe inláimhsithe den saol: réada, na scileanna a theastaíonn chun iad a tháirgeadh, a n-áit is saol na ndaoine, agus a gcomhthéacs i dtraidisiún na ndaoine.

Baineann béaloideas go hiondúil le gnéithe teibí an tsaoil: scéalta, miotais, agus piseoga agus nósanna traidisiúnta, go minic lasmuigh den chreideamh foirmiúil. Sa lá atá inniu ann déantar staidéar ar Shaol na Tuaithe agus ar Bhéaloideas mar chuid d’eitneolaíocht, a scrúdaíonn gnéithe den saol sa lá atá inniu ann chomh maith céanna leis an saol fadó.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo