Sonraí na dTaispeántas

Idir 1850 agus 1950 bhí pobal tuaithe na hÉireann páirteach i ngluaiseachtaí polaitiúla suntasacha agus chonaic siad athruithe sóisialta móra. Bhí tionchar díreach ag na himeachtaí seo ar a saol féin agus ar a gcaidreamh leis an talamh.

An Gorta Mór, Cogaí Talún agus Achtanna Talún

Tar éis an Ghorta Mór ó 1845 - 1849, ní raibh aon dóchas ag na daoine bochta a bhí ina gcónaí i gceantair thuaithe na hÉireann don todhchaí, agus bhí teaghlaigh agus pobail briste agus scaipthe ag bás agus ag imirce. Thit daonra na hÉireann ó 8.2 milliún in 1841 go dtí 5.4 milliún in 1871. Lean droch-choinníollacha d’oibrithe, agus thosaigh cuid de mhuintir na tuaithe (agus na mbailte) ag iompú ar Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (na Finíní), arm náisiúnach rúnda a raibh sé d’aidhm aige Poblacht na hÉireann a bhaint amach.

Bhunaigh Micheál Dáibhéad Conradh na Talún sa bhliain 1879, i Maigh Eo, agus Charles Stewart Parnell mar uachtarán air. Ba é an cuspóir a bhí leis ná agóidíocht a dhéanamh le cíos níos ísle agus úinéireacht na talún a bhaint amach. Bhí mórléirsithe agus corraíl shibhialta ann le linn Cogaí Talún 1879 - 1882 mar gheall ar na hábhair seo. D’athraigh an tAcht Talún (Land Law Act) (Ireland) 1881 cinnteacht seilbhe, ceart díol agus cíos cothrom agus bhí sé ar an gcéad cheann de shraith Achtanna Talún a d’athraigh an córas seilbhe talún ó chóras eastáit tiarnaí talún go córas úinéirí lonnaitheacha. Mar thoradh air seo, chomh maith le bunú Bord na gCeantar Cúng in 1891 agus a gcuid tacaíocht do thionscail baile, tháinig rachmas níos mó ar phobail tuaithe. Thosaigh an feachtas polaitiúil i gcomhair Rialtais Dúchais in 1882 agus bunaíodh eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael le linn na tréimhse seo leis an aidhm an Ghaeilge agus cultúr na tíre a chur chun cinn.

An Bóthar chuig Poblacht na hÉireann

Ó na 1890í ar aghaidh, bhain muintir na hÉireann tairbhe as beartais rialtas na Breataine; mar shampla, ba é bunú comharchumainn uachtarlainne sa tréimhse seo a rialaigh praghsanna bainne. Bhí na daoine deighilte ag an gcaint faoi Rialtas Dúchais, áfach, agus bunaíodh Óglaigh na hÉireann agus Óglaigh Uladh i 1913. Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda i 1914, d’fhág fir ón dá thaobh den deighilt seo an talamh agus na bailte agus chuaigh siad isteach in Arm na Breataine chun troid san Eoraip, mar gheall ar bhochtanas, tírghrá nó fonn eachtraíochta. Bhí cuid eile a thaisteal go Baile Átha Cliath agus go dtí an Bhreatain chun oibriú sna monarcha muinisean. Ag an am céanna, bhí praghsanna níos airde ar na táirgí feirme go léir mar thoradh ar an gcogadh, rud a chuaigh chun sochair na bhfeirmeoirí beaga, fiú amháin.

Is i gceantair uirbeacha Bhaile Átha Cliath, Loch Garman agus na Gaillimhe a tharla Éirí Amach na Cásca 1916. Scaip an náisiúnachas a tháinig dá bharr ar fud na tíre, áfach, agus troideadh Cogadh na Saoirse (1919 - 1921) i mbeagnach gach contae. Bhunaigh an Conradh Angla–Éireannach 1921 Saorstát Éireann, tiarnas féin-rialaithe de shé chontae is fiche laistigh de Chomhlathas na Breataine. Tharla Cogadh Cathartha brúidiúil (1922 - 1923) mar gheall ar an réiteach seo, a scoilt teaghlaigh agus pobail, agus níor tháinig deireadh leis ach nuair a ghlaoigh an dream a bhí i gcoinne an Stáit sos cogaidh. Bhunaigh an stát nua institiúidí oifigiúla An Garda Síochána, an tArm agus riarachán méadaithe na státseirbhíse. Chuir Scéim Cumhachta na Sionna leictreachas ar fáil do roinnt tithe tuaithe, chomh maith le bailte, agus cuireadh i gcrích athdháileadh na talún ó thiarnaí talún móra go dtí feirmeoirí aonair.

Nuair a scaradh Éire amach i 1921, laghdaigh praghsanna feirme mar gheall ar chogadh trádála idir Éire agus an Bhreatain. D’ardaigh na praghsanna i gcomhair táirgí feirme i rith an Dara Cogadh Domhanda, áfach, nuair a bhí Éire neodrach ag cur bia ar fáil don Bhreatain.

Sa bhliain 1948 ritheadh Acht Phoblacht na hÉireann, rud a bhunaigh an Saorstát 26 contae mar Phoblacht ag a raibh neamhspleáchas iomlán.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo