An tSeodlann

Ba iad na seodlanna móra eaglasta ó Eoraip na meánaoise a spreag An tSeodlann ina bhfuil dealbhóireacht agus miotalóireacht den chéad scoth, idir thuata agus reiligiúnach, ón Iarannaois phágánach Cheilteach anonn go deireadh na Meánaoise agus ina dhiaidh. I ngailearaí na hIarannaoise tá miotalóireacht chré-umha agus óir den chéad scoth a chuireann cúlra ar fáil d’imeachtaí níos déanaí ré na Críostaíochta. Tá an chuma ar an scéal gur tréimhse mharbhántacht chultúrtha a bhí in Éirinn idir 500 RCh. agus 300 RCh. cé gurbh í seo an tréimhse inar fhabhraigh cultúr mór-roinneach Halstatt go céim aibí na hIarannaoise Eorpaí ar a dtugtar cultúr La Tène. Ainmníodh stíl chlasaiceach ealaíne Cheilteach La Tène i ndiaidh láthair san Eilvéis inar aithníodh í den chéad uair sa 19ú haois. Forbraíodh an stíl in oirthear na Fraince agus i nDúiche na Réine i rith an cúigiú haois RCh. mar thoradh ar thionchair chlasaiceacha ar mhuintir na hEorpa Láir a bhí i dteagmháil leis na Gréagaigh agus na hÉatrúscaigh trí mheán na trádála. Is ealaín an-stílithe chuarlíneach í atá bunaithe den chuid is mó ar mhóitífeanna clasaiceacha plandaí.

I rith an tríú haois RCh. tháinig réada le maisiúchán La Tène orthu go hÉirinn, mar shampla dhá mhuince óir déanta i nDúiche na Réine, a cuireadh i dtaisce i bportach in Ard na gClog i gCo. Ros Comáin. Go luath ina dhiaidh sin bhíothas ag táirgeadh réimse réad maisithe le leagan áitiúil den stíl agus san am céanna bhí glacadh forleathan le teicneolaíocht oibrithe iarainn, agus meastar faoi Ré Chríost féin go raibh na teicnicí sin i bhfeidhm go hiomlán. Faoin dara haois RCh., bhí réamhtheachtaí stíle ar an Mór-Roinn le sonrú ar réada Ceilteacha a táirgeadh in Éirinn, ar nós truaillí do chlaimhte. Faoin gcéad aois RCh., bhí ceardaithe in Éirinn ag táirgeadh réad ar ardchaighdeán – ornáidí pearsanta agus airm den chuid is mó – a bhféadfadh sé go raibh tionchar ag traidisiúin stíle na Breataine orthu.

Ba ón mBreatain Rómhánach go príomha a tugadh an Chríostaíocht isteach go hÉirinn sa chúigiú haois AD. De thoradh air sin tháinig cineálacha nua réad ar an saol a bhain le saol na hEaglaise ar nós cailísí, paiteanaí agus soithí chun leabhair agus taisí a chumhdach iontu, rud a sholáthair raon mór réad nua le maisiú do cheardaithe na hÉireann. Sna haoiseanna ina dhiaidh sin, thaisteal manaigh na hÉireann chuig an mBreatain agus chuig an Mór-Roinn chun an Chríostaíocht a athchraobhscaoileadh i limistéir a ghabh treibheanna págánacha tar éis titim Impireacht na Róimhe. Nochtadh iad do thionchair nua as a bhfuarthas stíleanna agus scileanna teicniúla nua ó raidhse foinsí cosúil leis na hAngla-Shacsanaigh agus na Francaigh agus ó shaol déanach clasaiceach na Rómhánach. Cuireadh na stíleanna agus na scileanna seo le stór dearaí agus teicnící Ceilteacha na hÉireann.

I gceartlár na Seodlainne gheofar cuid de na seoda eaglasta is fearr aithne ó Ré Órga an ochtú agus an naoú haois, lena n-áirítear Cailís Ardach, Cailís agus Paiteana Dhoire na bhFlann agus Cumhdach Creasa Mhaigh Locha.

Fuarthas Cros Loch na Tulaí gar d’imeall chrannóg bheag (áitreabh locha) i gCo. Ros Comáin. Ceardaithe Éireannacha a rinne í san ochtú nó sa naoú haois. Is éard atá sa chros iontach seo ná plaiceanna de chré-umha óraithe agus leatháin chré-umha le stáin orthu os cionn croílár adhmaid. Ar taispeáint chomh maith tá buicéad beag miotail maisithe ó chrannóg i gCluainín Bán, Co. Ros Comáin, agus dhá bhuicéad adhmaid le gléasadh miotail ornáidithe ó Chluain Ioraird, Co. na Mí agus ó Dhoire an Mhuilinn, Co. Laoise, de chineál a mheastar a bhíodh in úsáid ar láithreáin thuata ard-stádais, agus ar láithreáin mhanachúla chomh maith.

Meastar gurb as cumhdach níos mó i gcruth tuama a tháinig bailiúchán d’fheistí maisithe in Ard-Stíl La Tène a fuarthas i nDún Uabhair, Co na Mí. I measc na réad níos mó a léiríonn ealaín na saor cloiche manachúil tá leaca snoite ó Inis Gé Thuaidh, Co. Mhaigh Eo, agus ó Cheathrú an Teampaill, Co. Shligigh, gallán ón Eaglais, Co. Chiarraí, agus trasfhearsaid ó Bheannchar, Co. Uíbh Fhailí. Tá gallán na hEaglaise snoite le hinscríbhinn i litreacha oghaim, script shainiúil Éireannach a chaomhnaíonn ann an fhoirm is luaithe den Ghaeilge.

Ba é teacht na Lochlannach ag deireadh an ochtú haois a chuir tús le tréimhse inar ionsaíodh mainistreacha agus ina ndearnadh slad agus scrios ar iliomad seodra na heaglaise. Trádálaithe a bhí sna Lochlannaigh chomh maith le creachadóirí, más ea, agus toradh amháin a bhí ar a ngníomhaíochtaí tráchtála ná gur tugadh méideanna móra airgid isteach go hÉirinn, cuid de a cuireadh sa talamh d’fhonn é a choinneáil slán. Thug na Lochlannaigh cineálacha nua réad agus stíleanna nuálacha ealaíne isteach chun na tíre, a spreag forbairtí sa mhiotalóireacht dhúchasach agus sna healaíona maisiúla. Ba í an fháil éasca ar airgead i rith an 9ú agus an 10ú haois a spreag faisin nua i ndearadh dealg, agus ba hiad na foirmeacha ba mhó ráchairte dealga bocóide-neasfháinneacha, agus dealga i bhfoirm feochadáin agus i bhfoirm eitleoige.

Úsáideadh stíleanna ealaíne na Lochlannach go forleathan ar shaothair mhiotalóireachta eaglasta i rith an 11ú agus an 12ú aois. Ar na samplaí suntasacha tá bachalla ó Chluain Mhic Nóis, Co. Uíbh Fhailí agus Lios Mór, Co. Phort Láirge, Scrín Lámh Laichtín Naofa agus Scrín Phádraig, a tógadh thart ar an mbliain 1,100 faoi phátrúnacht Dhomhnaill Ua Lochlainn, rí na hÉireann, chun cloigín Naomh Pádraig a choimeád ann. Coinníodh é in Ard Mhacha. D’athraigh Eaglais na hÉireann go mór sa 12ú haois, agus cuireadh roinnt leasuithe i bhfeidhm, a d’fhág gur dearbhaíodh struchtúr deoiseach faoi cheannas Ard Mhacha, cuireadh srian le cumhacht na n-abaí, agus faoi dheireadh tháinig oird rialta eachtrannacha chun cónaí sna mainistreacha.

Is minic a fhaightear fíora taispeántacha baineanna ar a dtugtaí Síle na gcíoch ó dheireadh na Meánaoise gar do mhainistreacha a bhunaigh oird ón Mór-Roinn – ar an dá shampla atá ar taispeáint, baineann ceann acu le mainistir Dhoiminiceach i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árann, agus an ceann eile le fondúireacht Agaistíneach ag Saighir Chiaráin, Co. Uíbh Fhailí. Rud eile a gheofar sa tSeodlann ná bailiúchán uathúil de chultacha ón 16ú agus ón 17ú haois a fuarthas i bportaigh, bróga leathair mar aon le seaicéid, hataí, clóca, bríste agus gúna, iad ar fad déanta as olann. Cé go raibh bail iontach ar na cultacha, bhí an mhóin tar éis dath donn a chur orthu in ionad na ndathanna a bhí orthu ar dtús.

 
Taisce Bhrú Íochtair

Tá an mhuince shár-mhaisithe ó Bhrú Íochtair, Co. Dhoire ar taispeáint le hais ornáidí eile muiníl agus mionsamhlacha de bhád agus de choire a fuarthas in éineacht leis.

Dealg na Teamhrach

Is é an réad is suaithinsí den mhiotalóireacht thuata ón luath-thréimhse mheánaoiseach ná an dealg d'airgead óraithe ar a dtugtar Dealg na Teamhrach. Díol suntais is ea é mar gheall ar a ornáideachas agus ar éagsúlacht a mhaisiúcháin agus ar mhionsaothrú agus ardchaighdeán na saoirseachta.

Taisce Ardach

Garsún óg a bhí ag baint prátaí taobh istigh de lios sa bhliain 1868 a tháinig ar Thaisce Ardach; seans gur cuireadh an taisce i bhfolach sa lios ó na Lochlannaigh sa naoú nó sa deichiú haois.

Taisce Dhoire na bhFlann

Cosúil le taisce Ardach, tá seans maith gur cuireadh taisce Dhoire na bhFlann, Co. Thiobraid Árann, le linn Ré na Lochlannach chomh maith, b’fhéidir le linn an 10ú haois luath.

Cumhdach Creasa Mhaigh Locha

Is éard atá i gcumhdach creasa Mhaigh Locha, a fuarthas i bportach sa bhliain 1945, ná crios leathair arbh taise é le naomh luath éigin nach eol dúinn cérbh í nó é.

Dearadh Gréasáin le Arekibo